Fillteán i bhFócas: ‘Rollaí Meamram na Meánaoise’ ag an Dr Elizabeth Biggs
Dhá rolla meamram bunaidh: NAI EX 1/1 agus ½
Bhí na rollaí meamram ar na bailiúcháin mheánaoiseacha is cuimsithí ar cuireadh leis an méid a bhí ar sheilfeanna thaisce taifead Oifig Taifead Poiblí na hÉireann (OTPÉ) sna 1860idí. Ba thaifid mhóra iad lán faisnéise faoi na próisis is tábhachtaí i Státchiste meánaoiseach na hÉireann. Bhí 147 san iomlán de na meamraim pháir seo in OTPÉ i mí an Mheithimh, 1922 agus iad dátaithe ón 13ú go dtí an 15ú aois. Níl ach dhá cheann ar marthain tar éis tine an 30 Meithimh; ceann amháin dátaithe 1309-1310, an ceann eile 1319-1320.
Bhí na rollaí meamram ina ‘gcuimhne oibre’ ag an Státchiste, ar roinn rialtais é a bhí freagrach as cúrsaí airgeadais i dtiarnas na hÉireann. Bá é an Státchiste an chéad cheann de na comhlachtaí is tábhachtaí de rialtas Shasana ar cuireadh ar bun in Éirinn thart ar an mbliain 1200. Chuir na cléirigh ceithre shaghas de cháipéisí le cheile chun cuntas a choinneáil den airgead éilithe ag an Rí Sasanach agus den bhonn airgid íoctha ag oifigigh an Státchiste. Choinnigh na cléirigh taifead ar rudaí a dhealraíodh dóibh go mbeadh siad de dhíth orthu arís, agus iad ag iniúchadh chuntais na n-oifigeach ríoga go mall agus go cáiréiseach: orduithe íoca do dhaoine, nótaí faoi pháirtíocaíochtaí, taifid faoi cá mhéad airgid chánach a bhí amuigh ar na príomhbhailte agus ar na contaetha, trascríbhinní cáipéisí ábhartha, agus tuilleadh. Ina dteannta sin, chuir siad síos ainmneacha na ndaoine ar cuireadh toghairm orthu le haghaidh chúirt an Státchiste – cúirt dlí mar arbh fhéidir éisteacht le ceisteanna airgeadais. Tá díol suntais chomh mór sna rollaí meamram do staraí na meánaoise mar gheall ar an réimse leathan ábhair atá le fáil sa tíopa taifid sin, agus seo an chúis go bhfuil an dhá rolla atá ar marthain anois thar a bheith luachmhar.
Agus seoladh an Mhaoinchiste Samhalta ar siúl le teann lúchaire ag deireadh mhí an Mheithimh 2022, bhí an t-ádh orm a bheith in ann féachaint ar na rollaí seo. Bhí foireann ‘Síog Óir’ (Gold Seam) na Meánaoise ar an tionscadal seo ag díriú isteach ar bhailiúcháin eile ón státchiste meánaoiseach toisc go maireann sraith suntasach de rollaí bunaidh sa Chartlann Náisiúnta (RA) i Londain: cruthaíodh iad le haghaidh an phróisis iniúchta ag cisteoirí meánaoiseacha na hÉireann. Bhí a fhios againn i dtólamh, áfach gurbh fhiú teacht ar ais ar na rollaí meamram, agus iad a scrúdú i gceart. Tá mé ag tnúth le bheith ag obair orthu san am le teacht, ach ar a laghad anois bhí seans agam tús a dhéanamh le tuiscint cén chaoi a fheidhmíonn siad, agus cén scéal is féidir a bhaint astu sa toghchaí nuair atá muid in ann iad a chur ar fáil, nasctha leis na taifid go léir atá ar marthain, agus leis na cóipeanna d’ábhar ón OTPÉ.
An chéad rud a thug mé faoi deara ná cruth na rollaí. Toisc go raibh siad caomhnaithe ar na mallaibh ag Zoë Reid, Coimeádaí (Seirbhísí Poiblí agus Bailiúcháin), Cartlann Náisiúnta na hÉireann (CN) is féidir linn iad a fheiceáil mar a chonaic na cléirigh meánaoiseacha iad – mar leathanaigh pháir oibre neamhcheangailte (cuirtear seicní orthu), go dtí gur ceanglaíodh iad le chéile ag deireadh na bliana. Go deimhin, níor choinnigh na cléirigh iad chomh hálainn agus chomh cúramach mar a dhéanann CN anois! Ní raibh stóras cosanta agus insocraithe de réir aeráide ann ansin. Is féidir linn na nótaí ar bharr gach seicne a fheiceáil, nótaí óna bhfaca na cléirigh cad a bhí ann agus nótaí a bhí i bhfolach sna greamanna leis na céadta bliain. Sin mar a chonaic cleirigh cén rud a chur cén áit ar an rolla, agus lena rinne siad cinnte de go raibh na seicní san ord cuí sular ceanglaíodh iad ar deireadh. Is féidir trí pholl a fheiceáil freisin lena fuaítí le chéile iad mar rolla trí snáth leathair a úsáid. Bhíodh an toradh an-chosúil le smeach-chart ollmhór agus thar a an-dlúth.??? Past conditional for likely event?
Dr Elizabeth Biggs FRHistS
Comhalta Taighde um an Síog Óir Mheánaoiseach (Cartlann Náisiúnta an Ríocht Aontaithe)
Maoinchiste Annála Samhaltach na hÉireann
Twitter: @elizabethcbiggs
Files in focus: ‘Medieval Memorandum Rolls’ by Dr Elizabeth Biggs