Taifid stairiúla

Treoir maidir le hábhair chartlainne a bhaineann le Dlí na mBocht

Ba é a bhí i nDlí na mBocht ná iarracht chun déileáil le cuid de na fadhbanna a bhí ann mar thoradh ar bhochtaineacht fhorleathan in Éirinn ag tús an 19ú haois, agus sin a dhéanamh trí fhaoiseamh institiúideach a chur ar fáil do dhaoine bochta. Leis an Irish Poor Law Act 1838, ar imir Acht Shasana na bliana 1834 tionchar mór air, roinneadh an tír ina céad is tríocha aontas dhlí na mbocht agus bhí teach na mbocht ann mar chuid lárnach de gach ceantar díobh sin.

Bhí riaradh á dhéanamh ar gach aontas ag bord chaomhnóirí dhlí na mbocht ar toghadh cuid acu agus ar ceapadh cuid acu as measc na ngiúistísí áitiúla. I dtosach báire, bhí an córas ceaptha chun déileáil le 1% den daonra nó le 80,000 duine ach, faoi mhí an Mhárta 1851, bhí an gorta tar éis beagnach 4% den daonra a chur i dtreo thithe na mbocht. Le himeacht aimsire sa 19ú haois, tugadh cuid mhór feidhmeanna breise d’aontais dhlí na mbocht, go háirithe i ndáil le cúrsaí sláinte, tithíochta agus sláintíochta.

Faoin Local Government Act 1898, chaill aontais dhlí na mbocht cuid dá bhfeidhmeanna tithíochta agus sláintíochta agus tugadh do na comhairlí ceantair tuaithe nua-bhunaithe iad, ach choinnigh siad freagracht i ndáil le faoiseamh do dhaoine bochta. I rith bhlianta tosaigh na 1920-idí cuireadh deireadh le haontais dhlí na mbocht i ndeisceart na hÉireann (diomaite de Bhaile Átha Cliath) agus dúnadh tithe na mbocht d’fhonn laghdú a dhéanamh ar chostais. Dódh roinnt tithe na mbocht i rith Chogadh na Saoirse agus i rithe an Chogaidh Chathartha agus tiontaíodh roinnt eile ina dteaghaisí tuaithe nó ina n-ospidéil cheantair. Is ar éigean a bhí aon chuid de shaol na hÉireann ann nach raibh baint ag dlí na mbocht leis agus tá na taifid i measc na bhfoinsí príomha is tábhachtaí dá bhfuil ann faoin saol in Éirinn ó thús an 19ú haois go dtí tús an 20ú haois.

I gcoitinne, tá ráta marthanais réasúnta maith ann i gcás leabhair mhiontuairiscí aontais dhlí na mbocht ach ní gnách a bhíonn cainníochtaí chomh mór sin ar marthain fós i gcás taifead de chineálacha eile. Ach tá gné iontach ag baint le cuid de bhailiúcháin dhlí na mbocht a choimeádann an Chartlann Náisiúnta mar gheall ar an raon taifead atá iontu. Coimeádann an Chartlann Náisiúnta roinnt bailiúchán an-iomlán de thaifid thithe na mbocht a bhaineann le hAontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath, le hAontas Dhlí na mBocht Dheisceart Bhaile Átha Cliath agus le hAontas Dhlí na mBocht Ráth an Dúin (cuid de chontaetha Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin). Chomh maith le leabhair mhiontuairiscí, áiríonn na bailiúcháin seo cláir laistigh ina dtugtar ainmneacha agus mionsonraí pearsanta na ndaoine a tháinig go dtí teach na mbocht, mar aon le raon leathan taifead éagsúil eile.

Ina theannta sin, coimeádann an Chartlann Náisiúnta bailiúcháin bheaga a bhaineann le hAontas Dhlí na mBocht Bhaile an Ridire (cuid de chontae Bhaile Átha Cliath), le hAontas Dhlí na mBocht an Bhábhúin Bhuí (cuid de chontae an Chabháin), le hAontas Dhlí na mBocht an Droma Mhóir Thiar (cuid de chontae Shligigh; ar mhicreascannán amháin). Ina theannta sin, coimeádann an Chartlann Náisiúnta orduithe a rinne Coimisinéirí Dhlí na mBocht agus an Bord Rialtais Áitiúil (1839-1921) agus comhaid de Roinn Rialtais Áitiúil Dháil Éireann (1919-1923).

Card image cap

19.03.20

Treoir maidir le hábhair chartlainne an Oifig Luachála
Ba é a bhí i luacháil na hÉireann ná suirbhéireacht chadastrach a rinneadh ar mhaithe le cáin a thobhach ar...

Treoirleabhair & foinsí taighde

Card image cap

19.03.11

Páipéir Hilda Tweedy (Irish Housewives Association)
The Irish Housewives Association (IHA) was formed in 1942, with the objective of gaining recognition for the right of housewives...

Treoirleabhair & foinsí taighde

Card image cap

19.03.11

The Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers
The first committee meeting of the Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers was held in March 1935, at...

Treoirleabhair & foinsí taighde