Cartlanna a tionóladh sa Chartlann Náisiúnta
Coimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid nua-stát na hÉireann ón tráth ar bunaíodh é go dtí thart ar an mbliain 1988.
Cuimsíonn taifid roinne na taifid go léir a rinne nó a fuair gach roinn rialtais, gach oifig chúirte agus gach comhlacht atá liostaithe sa sceideal a ghabhann leis an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986.
Ina theannta sin, cuimsíonn ár sealúchas roinnt mórbhailiúchán a fuarthas mar thoradh ar chónascadh Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn agus Oifig na Stát-Pháipéar sa bhliain 1988 tar éis bhunú na Cartlainne Náisiúnta. Ina measc siúd, áirítear ábhair chartlainne de chuid lucht riaracháin na Breataine in Éirinn, is é sin, ábhair a bhaineann leis an 18ú haois, leis an 19ú haois agus leis an 20ú haois, arb é atá sa bhailiúchán is mó díobh ná Páipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí.
Chomh maith leis sin, leanann an Chartlann Náisiúnta d’fheidhmiú de réir an traidisiúin a thionscain Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn, is é sin, bailiúcháin phríobháideacha a fháil a chomhlánaíonn ár gcuid sealúchas féin, lena n-áirítear taifid ghnó, bailiúcháin liachta, bailiúcháin aturnaetha, agus roinnt bailiúchán eastáit talún. Is díol spéise ar leith iad ár mbailiúcháin d’aon duine ar spéis leo taighde a dhéanamh ar fhorbairt pholaitíochta, shóisialta agus eacnamaíochta na hÉireann ón 18ú haois go dtí an lá atá inniu ann. Tá cuid mhór dár mbailiúchán thar a bheith fóinteach freisin i dtaca le taighde faoi stair theaghlaigh agus stair áitiúil.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoinár gcuid bailiúchán agus faoi dhul i mbun taighde cartlainne, féach Taifid stairiúla.