Fillteán i bhFócas: ‘Rollaí Meamram Meánaoiseacha’ ag an Dr Elizabeth Biggs
Bhí na rollaí meamram ar na bailiúcháin mheánaoiseacha is cuimsithí ar cuireadh leis an méid a bhí ar sheilfeanna na taisce taifead nua Oifig Taifead Poiblí na hÉireann (OTPÉ) sna 1860idí. Ba thaifid mhóra iad lán faisnéise faoi roinnt de na próisis is tábhachtaí i státchiste meánaoiseach na hÉireann. Bhí 147 san iomlán de na meamraim pháir seo in OTPÉ i mí an Mheithimh, 1922 agus iad dátaithe ón 13ú go dtí an 15ú aois. Níl ach dhá cheann ar marthain tar éis an tine a tharla ar an 30 lá de mhí an Mheithimh; an dáta 1309-1310 ar cheann amháin, 1319-1320 ar an gceann eile.
Bhí na rollaí meamram ina ‘gcuimhne oibre’ ag an Státchiste, ar roinn rialtais é a bhí freagrach as cúrsaí airgeadais i dtiarnas na hÉireann. Bá é an Státchiste an chéad cheann de na comhlachtaí is tábhachtaí de rialtas Shasana ar cuireadh ar bun in Éirinn thart ar an mbliain 1200. Chuir na cléirigh ceithre shaghas de cháipéisí le cheile chun cuntas a choinneáil den airgead éilithe ag an Rí Sasanach agus den bhonn airgid íoctha ag oifigigh an Státchiste. Choinnigh na cléirigh taifead ar rudaí a dhealraíodh dóibh go mbeadh siad de dhíth orthu arís, agus iad ag iniúchadh chuntais na n-oifigeach ríoga go mall agus go cáiréiseach: orduithe íoca do dhaoine, nótaí faoi pháirtíocaíochtaí, taifid faoi cá mhéad airgid chánach a bhí amuigh ar na príomhbhailte agus ar na contaetha, trascríbhinní cáipéisí ábhartha, agus tuilleadh. Ina dteannta sin, scríobh siad ainmneacha na ndaoine ar cuireadh toghairm orthu le freagairt i gcúirt an Státchiste – cúirt dlí mar arbh fhéidir éisteacht le ceisteanna airgeadais. Tá díol suntais chomh mór sna rollaí meamram do staraí na meánaoise mar gheall ar an réimse leathan ábhar atá le fáil sa chineál taifid sin, agus seo an chúis go bhfuil an dá rolla atá ar marthain anois sa Chartlann Náisiúnta (CN) chomh luachmhar.
Agus seoladh Mhaoinchiste Samhalta Annála na hÉireann (MSAÉ) ar siúl le teann lúcháire ag deireadh mhí an Mheithimh 2022, bhí an t-ádh orm maith go leor go raibh mé in ann féachaint ar na rollaí seo ar feadh lae. Tá foireann ar an tionscadal seo a bhaineann le ‘Síog Óir’ (Gold Seam) na Meánaoise, agus tá siad tar éis díriú isteach ar bhailiúcháin eile ón státchiste meánaoiseach toisc go bhfuil sraith suntasach de rollaí bunaidh ar marthain sa Chartlann Náisiúnta (Ríocht Aontaithe) i Londain: cruthaíodh iadsan le haghaidh próisis iniúchta chisteoirí meánaoiseacha na hÉireann. Bhí a fhios againn i dtólamh, áfach gurbh fhiú teacht ar ais ar na rollaí meamram, agus iad a scrúdú i gceart. Tá mé ag tnúth le bheith ag obair orthu amach anseo, ach ar a laghad anois bhí seans agam tús a dhéanamh ag tuiscint cén chaoi a fheidhmíonn siad, agus cén scéal arbh fhéidir a bhaint astu sa todhchaí, nuair atá muid in ann iad a chur ar fáil, iad a nascadh leis na taifid go léir atá ar marthain agus le cóipeanna d’ábhar ón OTPÉ.
An chéad rud a thugaim faoi deara ná cruth na rollaí. Toisc go raibh siad caomhnaithe le déanaí ag Zoë Reid, Coimeádaí (Seirbhísí Poiblí agus Bailiúcháin), Cartlann Náisiúnta na hÉireann (CN) is féidir linn iad a fheiceáil mar a chonaic na cléirigh mheánaoiseacha iad – mar leathanaigh pháir oibre neamhcheangailte (cuirtear seicní orthu), go dtí gur ceanglaíodh le chéile iad ag deireadh na bliana. Go deimhin, níor choinnigh na cléirigh chomh maith agus chomh cúramach iad mar a dhéanann CN anois! Ní raibh stóras cosanta agus insocraithe de réir aeráide le fáil ansin. Is féidir linn na nótaí ar bharr gach seicne a fheiceáil, nótaí óna bhfaca na cléirigh cad a bhí ann, agus nótaí a bhí i bhfolach sna greamanna leis na céadta bliain. Sin mar a chonaic siad cén rud a chur cén áit ar an rolla, agus lena ndéanaidís cinnte de go raibh na seicní san ord cuí sular ceanglaíodh iad ar deireadh. Is féidir trí pholl a fheiceáil freisin lena bhfuaítí le chéile iad mar rolla, agus snáth leathair á úsáid. Is dócha go mbíodh toradh na hoibre an-chosúil le smeach-chart ollmhór agus an-tiubh.
Nuair a thosaíonn tú ag léamh na bpíosaí aonair difriúla a chóipeáil na cléirigh sna rollaí, cuireann sé ag smaoineamh tú faoi na rudaí eile a bhí ar siúl in Éirinn ag an am. Sa bhliain 1319-1320, mar shampla, tá go leor ábhar le fáil faoin dochar a raibh na hionróirí Albanacha tar éis a dhéanamh i mBaile Átha Cliath agus thart air in 1315. Mar thoradh de, tá Méara Bhaile Átha Cliath ag fiafraí cuidithe, agus ag fiafraí go n-íslítear cánacha na cathrach. Leis sin, is féidir athéirí chumhacht na nGael a fheiceáil san iarthair agus sa tuaisceart, mar nach bhfuil Connacht agus Ciarraí i gcumarsáid ar chor ar bith leis an rialtas Sasanach i mBaile Átha Cliath: ba réigiúin iad a bhí sírithe sa tríú haois déag, nó páirteanna díobh ar a laghad. Ar an nós céanna, feictear nach raibh seanascal ag Cúige Uladh (príomhghobharnóir shaoirse an Iarla Risteáird de Búrca) ‘ó theacht na nAlbanach’. Tá an rialtas Sasanach ag streachailt, rud a fheictear sa mhéid a scríobh na cléirigh sa rolla seo.
Bhain mé an oiread sin sult as a bheith i mo shuí i Seomra Léitheoireachta an CN ag léamh agus ag scrúdú na seicní páir go cúramach. Roimhe sin ní raibh fáil agam orthu ach trí mheán obair déanta ag daoine eile, agus níl rud ar bith inchurtha le bheith ag obair ar na bunchóipeanna agus ag feiceáil cén chaoi ar cuireadh bríonna difriúla i mullach a cheile, le himeacht ama. Ba cháipéisí oibre iad seo agus ba mhinic gur tháinig na cléirigh ar ais le hábhair a chur leo. Amanna, b’fhéidir go scríobhadh siad socruithe faoi chás cúirte, amanna eile b’fhéidir nóta faoi mar a ghlanadh fiach go hiomlán lá is faide anonn, agus sa chaoi sin rinneadh cros-tagairt don rolla eile. D’fhágtaí spás chun ábhar nua a scríobh ach fós, uaireanta tá an t-ábhar sin brúite isteach sa téacs. Leis sin, bíonn iontrála a chuirfeadh frustrachas ort, nuair nár cuireadh ábhar nua leis an scéal ar chúis éigin, go díreach nuair ba mhaith leat fáil amach tuilleadh. Bhí uaim fáil amach níos mó faoi Helen Fattyng in 1309-1310, bean a rinne agra sa Státchiste ag lorg fiach dlite dí. Ar íocadh an fiach ar ais dí? An raibh sí in ann an cás a chur os comhair na ngiúistísí sa Státchiste? Rachaidh me sa tóir ar rudaí eile fúithi agus faoina cás. B’fhéidir gur tháinig duine éigin ar a hainm de thaisme in áit eile, agus beidh muid in ann na míreanna mearaí a chur le chéile.
Más maith leat féin blaiseadh de na rollaí meamram a fháil, tá an trascríobh agus an trácht a rinne David Craig ar an rolla 1309-10 an-úsáideach agus tá fáil orthu i mbailiúchán tráchtas PhD Choláiste na Tríonóide. Scrúdaigh James Lydon cóipeanna rollaí meamram atá ar marthain agus chuir sé síos faoina leagan amach in Analecta Hibernica, alt atá le fáil sa Mhaoinchiste Samhaltach. Rinne Philomena Connolly cuardach ar thaifid Chartlann Náisiúnta na Ríochta Aontaithe, agus rinne sí an t-ábhar Éireannach sna rollaí meamram Sasanacha a liostú. Is treoracha fíor-úsáideacha iad uile do na rollaí agus dá n-áit i Státchiste meánaoiseach na hÉireann.
Dr Elizabeth Biggs FRHistS
Comhalta Taighde um an Síog Óir Mheánaoiseach (Cartlann Náisiúnta na Ríochts Aontaithe)
Maoinchiste Annála Samhaltach na hÉireann
Twitter: @elizabethcbiggs