Treoir maidir le hábhair chartlainne an Oifig Luachála

Ba é a bhí i luacháil na hÉireann ná suirbhéireacht chadastrach a rinneadh ar mhaithe le cáin a thobhach ar mhaoin.

Leagadh síos praghas luachála do gach mír maoine sa tír agus ba é sin an bonn ar dá réir a muirearaíodh cáin áitiúil, de réir ráta in aghaidh an phuint den luacháil. Rinneadh an obair a bhain leis an luacháil tosaigh idir an bhliain 1830 agus blianta lár na 1860-idí, sa Luacháil Bailte Fearainn ar dtús tráth arbh iad na bailte fearainn an t-aonad ba lú a luacháladh agus, ón mbliain 1844 ar aghaidh, sa Luacháil Tionóntán tráth a raibh tionóntáin ar leithligh á luacháil. Bhunaigh sé sin luacháil bhunlíne a uasdátaíodh trí athbhreithniú ón tráth sin go dtí deireadh an fichiú haois i gcás teaghaisí tís agus tá sí á hathbhreithniú fós i gcás maoin tráchtála. Tá na hábhair chartlainne a cruthaíodh mar thoradh ar an luacháil tosaigh á gcoimeád ag an gCartlann Náisiúnta. Tá doiciméid an athbhreithnithe á gcoimeád ag an gCartlann Náisiúnta. I gcoitinne, tá na hábhair chartlainne a bhaineann leis na contaetha i dTuaisceart Éireann á gcoimeád in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste agus tá cuid acu ar fáil sa Chartlann Náisiúnta. Tríd an obair a bhain leis sin, cruthaíodh luacháil aonfhoirmeach, chaighdeánaithe, náisiúnta a chlúdaigh an tír ar fad.

Rinneadh an luacháil faoi údarás Achtanna Parlaiminte a ritheadh idir na blianta 1826 agus 1864, ar Achtanna iad a ndearnadh mionleasuithe orthu tar éis na blianta sin. D’fhan cuid de na hAchtanna sin i bhfeidhm go dtí gur ghlac an tAcht Luachála 2001 a n-ionad. Sa reachtaíocht sin, leagadh amach creat na luachála agus na dtreoracha a eisítear ó thráth go chéile, agus cinneadh na ceanglais oibríochtúla, amhail na mionsonraí a bheadh le taifeadadh, agus an modh ina ndéanfaí an obair. Tá na hAchtanna agus na treoracha ar fáil lena gceadú. Thar an tréimhse 1830-65, rinneadh athruithe ar na ceanglais a bhain le luacháil mar fhreagra ar dheacrachtaí praiticiúla agus ar nithe seachtracha araon, arbh é a bhí sa cheann ba shuntasaí díobh ná luacháil i dtionóntáin a chur in ionad luachála i mbailte fearainn.

Cúlra na luachála

Ag tús an naoú haois déag, bhíodh contaetha á riaradh ag ard-choistí.  Chuir na comhlachtaí sin seirbhísí ar fáil lena n-áirítear bóithre, droichid, tithe cúirte agus otharlanna agus maoiníodh na seirbhísí sin trí cháin ar ar tugadh béas contae agus a gearradh ar áititheoirí maoine. Bhí míshástacht ann go forleathan maidir le córas an bhéasa contae agus bhí sé ina ábhar díospóireachta agus plé ag coistí parlaiminte ó bhí blianta deiridh an ochtú haois déag ann.  Mar thoradh ar thuarascáil ó roghchoiste eile (Spring Rice Committee) sa bhliain 1824, rinneadh bearta chun an fhadhb a réiteach go críochnaitheach trí thús a chur le luacháil aonfhoirmeach náisiúnta ar a bhféadfaí an cháin a bhunú. Sa tuarascáil ón Spring Rice Committee, tugadh admháil gur réamhriachtanas é léarscáileanna cruinne a bheith ann le haghaidh na hoibre chadastraí agus moladh go ndéanfadh an tSuirbhéireacht Ordanáis na léarscáileanna.  Ach, sula bhféadfaí an obair léarscáilíochta a dhéanamh, ba ghá teorainneacha na ranna críche a bhunú go hoifigiúil agus cuireadh Suirbhéireacht Teorainneacha ar bun le hAcht de chuid na bliana 1825 chun an chuid sin den obair a dhéanamh. Ritheadh an chéad Acht Luachála sa bhliain 1826 agus cuireadh tús leis an obair allamuigh sa bhliain 1830 i gContae Dhoire. Rinneadh luacháil contaetha eile in ord ó thuaisceart na tíre go dtí an deisceart tar éis léarscáileanna Ordanáis Suirbhéireachta a fhoilsiú agus tá dátaí na hoibre éagsúil i ngach uile chontae.

An obair luachála

Bhí an luacháil lonnaithe in oifig i mBaile Átha Cliath agus eagraíodh í ar bhonn obair allamuigh a rinneadh i ngach uile chontae. Bhí Coimisinéir i gceannas ar an obair luachála agus bhí baill eile foirne ann chun cabhair a thabhairt i ndáil leis an obair. Ba é Richard Griffith an coimisinéir idir na blianta 1830 agus 1868. I measc na mball foirne bhí cléirigh, dréachtóirí agus foireann oifige ann a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus bhí luachálaithe agus suirbhéirí ann a rinne obair allamuigh den chuid is mó. Bhí an luacháil bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh le linn na hoibre allamuigh. Eagraíodh an obair sin ar bhonn barúntachtaí agus d’oibrigh na luachálaithe go córasach trí na bailte fearainn agus trí na paróistí i ngach uile bharúntacht i gcontae, agus an fhaisnéis riachtanach á taifeadadh acu. Rinneadh obair oifige chun réamhluacháil a ullmhú le haghaidh achomhairc. Tar éis na hachomhairc a chríochnú, socraíodh an luacháil agus tháinig sí chun bheith ina doiciméad oifigiúil lena húsáid i ndáil le cánachas áitiúil. Ar dtús, bhí an t-áitreabh oifige i mBaile Átha Cliath suite ar Shráid Mhic Liam (taobh thiar de theach príobháideach Griffith) agus, ó bhlianta na 1860-idí, bhí sé suite i bPlás Íle áit a raibh stóras speisialta ar fáil le haghaidh na cainníochta móire d’ábhar cartlainne. Chuaigh an Oifig Luachála go dtí a suíomh reatha ar Shráid na Mainistreach Íochtarach ag deireadh bhlianta na 1990-idí.

Luacháil na mBailte Fearainn

Ba é Luacháil na mBailte Fearainn an chéad luacháil a bhí ann agus rinneadh í faoi Achtanna a ritheadh idir na blianta 1826 agus 1836. Ba é a bhí sa chuspóir a bhí ann ná luacháil a chruthú don tír ar fad i gcontaetha, i mbarúntachtaí, i bparóistí agus i mbailte fearainn. Ba é a bhí san aonad ba lú a bheadh ann ná an baile fearainn agus níor luacháladh gabháltais ar leithligh agus is ar an ábhar sin a tugadh ‘Luacháil na mBailte Fearainn’ ar an obair. Mar chuid den obair allamuigh, roinneadh bailte fearainn ina ‘luchtóga’ de réir cáilíochta agus de réir faisnéise faoin talamh agus taifeadadh roinnt tithe. Rinneadh tithe agus talamh a luacháil ar leithligh óna chéile. Níor breacadh síos ainmneacha na n-áititheoirí ar leithligh ar mhodh córasach mura rud é gur shealbhaigh siad teach a raibh a luach os cionn £3 (idir na blianta 1831 agus 1836) nó os cionn £5 tar éis an dáta sin. Thaifead na baill foirne an fhaisnéis riachtanach i leabhair oibre allamuigh, i leabhair oibre inmheánaí agus ar léarscáileanna. Rinneadh na sonraí a bailíodh mar thoradh ar an obair allamuigh a sheiceáil agus a ríomh san oifig agus baineadh úsáid aisti chun réamhluacháil a chruthú a bheadh le scaipeadh ar mhaithe le hachomhairc. Rinne beistrithe paróiste achomhairc agus d’éist coiste achomhairc go poiblí iad, i ngach barúntacht ar dtús agus, ina dhiaidh sin, d’éist coiste athbhreithnithe iad ar leibhéal contae. Tháinig an luacháil chun bheith oifigiúil tar éis don choiste athbhreithnithe í a chomhaontú agus tar éis í a fhoilsiú sa Dublin Gazette. Oifigigh a ceapadh go háitiúil a chinn an cion den chíos contae a bhí le híoc ag gach áititheoir i mbaile fearainn.

Rinneadh roinnt athruithe ar Luacháil na mBailte Fearainn sa tréimhse 1826-39, lena n-áirítear tairseach £3 a chruthú i leith luacháil tithe (1831) agus an méadú air sin go £5 (1836), é a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh seachas teaghaisí (1831), an míniú ar fhoirgnimh dhíolmhaithe (1832), caighdeánú na dtuairiscí ar thalamh, bunú córais i leith tithe a luacháil trí úsáid a bhaint as táblaí cód agus míniú ar mhodh trínar áiríodh luach breise tithe i mbailte móra (1833), taifeadadh ainmneacha áititheoirí tithe a luacháladh (1835-6), deireadh a chur leis an gceanglas go mbeadh luachálaithe ag obair i meithleacha triúir agus tabhairt isteach na seiceála ar luacháil (1836), coiste breise deiridh athbhreithnithe a thabhairt isteach le haghaidh achomharc ar leibhéal contae (1836) agus ceanglas á rá go mbeadh míreanna ardchaighdeáin talún ag teacht le feirmeacha.

Rinneadh 26 chontae a luacháil ar an dóigh seo sular athraíodh an córas sa bhliain 1844.

Luacháil na dTionóntán

Le linn obair i mbailte fearainn a bheith ar siúl ó chontae go contae, bhí athruithe á ndéanamh sa chúlra a chuaigh i bhfeidhm ar an luacháil agus, dá bharr sin, tugadh isteach luacháil tionóntáin. Sa bhliain 1838, tugadh Dlí na mBocht isteach in Éirinn. Maoiníodh dlí na mbocht trí bhíthin ráta na mbocht, is é sin, cáin mhaoine a toibhíodh ar thionóntáin nó ar ghabháltais ar leithligh ar maidir leo a rinne Coimisinéirí Dhlí na mBocht luacháil neamhghaolmhar ar thionóntáin (Luacháil Dhlí na mBocht) ó bhí blianta deiridh na 1830-idí ann. Ina theannta sin, sna blianta 1836 agus 1844, rinne roghchoistí de chuid Theach na dTeachtaí obair na Luachála Bailte Fearainn a scrúdú freisin   Lean athrú mór as sin ag deireadh na bliana 1844 nuair a athraíodh an bonn leis an luacháil ó bhailte fearainn go tionóntáin. Daingníodh na socruithe sin ina dhiaidh sin nuair a ritheadh an Valuation Act 1846.  Bhain an tAcht sin leis na sé chontae nár luacháladh faoi Luacháil na mBailte Fearainn[1] agus bhí sé le húsáid i ndáil le rátaí na mbocht agus i ndáil leis an ngearradh contae. D’fhan Luacháil na mBailte Fearainn i bhfeidhm i gcontaetha ina raibh sí curtha i bhfeidhm agus leanadh den obair uirthi i gcontaetha ina raibh sí ar siúl cheana féin. Rinneadh na forálacha maidir le tionóntáin in Acht 1846 a leathnú ina dhiaidh sin chuig roinnt contaetha eile agus, sa bhliain 1852, ritheadh Acht Luachála eile chun an luacháil a chur i bhfeidhm maidir le tionóntáin ar fud na tíre a mhéid a bhain le cánachas áitiúil, rud a chuir deireadh le luacháil i mbailte fearainn. I gcás contaetha a raibh luacháil déanta ina leith ag Luacháil na mBailte Fearainn cheana féin, rinneadh athscrúdú ar an obair agus rinneadh leasuithe chun an luacháil a dhéanamh i ndáil le tionóntáin. Faoi lár bhlianta na 1860-idí, bhí luacháil déanta ar na tionóntáin ar fad agus bhí an luacháil tosaigh curtha i gcrích.

Faoin Luacháil Tionóntáin, rinneadh gach tionóntán nó gabháltas ar leithligh a thaifeadadh, lena n-áirítear ainmneacha na n-áititheoirí. Tá líon mór ainmneacha sealbhóra tí ann sna doiciméid. Tharla an obair allamuigh agus an obair oifige ar an tslí chéanna ina ndearnadh Luacháil na mBailte Fearainn, ach bhí laghdú mór i gceist leis an méid oibre a bhí le déanamh agus rinneadh an réamhluacháil a ullmhaíodh i gcomhair achomharc a fhoilsiú mar Primary ValuationGriffith’s Valuation. I gcás Luacháil na dTionóntán, bhí áititheoirí ar leithligh in ann achomharc a dhéanamh in aghaidh na luachála a fuair siad. Faoi Acht 1846, rinneadh achomhairc le linn éisteachtaí poiblí agus faoi Acht 1852 athraíodh an nós imeachta le gur nós imeachta riaracháin a bhí ann. D’fhéadfaí achomharc breise a dhéanamh faoin dá Acht chuig Cúirteanna Seisiún Ceathrún. Tar éis na n-achomharc, socraíodh an luacháil sa deireadh agus taifeadadh í sna ‘leabhair chealaithe’, nó sna leabhair athbhreithnithe, ar leabhair iad atá á gcoimeád ag an Oifig Luachála anois.

Cartlann na luachála

Mar thoradh ar an obair luachála cruthaíodh cainníocht mhór ábhar cartlainne atá úsáideach anois do thaighdeoirí a bhfuil faisnéis á lorg acu faoi raon leathan ábhar, lena n-áirítear stair theaghlaigh agus staidéir acadúla. Clúdaíonn na doiciméid an tír ina hiomláine agus soláthraíonn siad taifead tábhachtach ar thréimhse inar tharla mór-athruithe agus is beag an líon foinsí atá ann faoi láthair agus a bhaineann leis an tír ar fad. Cé go raibh an obair a bhain le luacháil casta agus teicniúil, rinneadh na hábhair chartlainne i gcomhréir le modh caighdeánach. Is féidir a fháil amach cén áit ina raibh cónaí ar áititheoirí ar leithligh, chomh maith le faisnéis a fháil faoi mhéid, faoi cháilíocht agus faoi shuíomh a bhfeirme, faoin gcineál tí a bhí á áitiú agus faoina shuíomh, agus faisnéis den chineál céanna a fháil faoin gceantar máguaird. Ina theannta sin, trí úsáid a bhaint as doiciméid athbhreithnithe a bhaineann le tréimhse níos déanaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé indéanta a fháil amach conas a tháinig athrú ar an teaghlach, ar an maoin nó ar an gceantar suas go dtí deireadh an fichiú haois.

Baineann formhór na n-ábhar cartlainne leis an luacháil í féin ach áiríonn líon beag doiciméad riaracháin treoracha agus comhfhreagras.  Rinneadh an obair allamuigh trí leas a bhaint as leabhar nótaí réamhchlóite, lena n-áirítear leabhair allamuigh (a úsáideadh chun talamh thalmhaíochta a thaifeadadh), leabhair thithe (a úsáideadh chun foirgnimh a thaifeadadh) agus léarscáileanna (a úsáideadh chun suíomh agus fairsinge míreanna ardchaighdeáin i Luacháil na mBailte Fearainn agus tionóntáin ar leithligh i Luacháil na dTionóntán a mharcáil). Maidir le Luacháil na dTionóntán, baineadh úsáid as leabhair thionachta freisin. Mar thoradh ar an obair oifige, cruthaíodh tuilleadh doiciméad, lena n-áirítear leabhair chuartó, leabhair ríofa agus cóipeanna de leabhair agus de léarscáileanna, táirgeadh an réamhluacháil a clódh lena húsáid le linn achomharc. I gcás Luacháil na mBailte Fearainn, ba liosta é sin ar déanamh póstaeir mhóir agus, i dtaca le Luacháil na dTionóntán, bhí sé clóscríofa i leabhair mar Primary Valuation. Tar éis na hachomhairc go léir a chur i gcrích, taifeadadh an luacháil oifigiúil i leabhair atá á sealbhú fós ag an Oifig Luachála agus ar a dtugtar na ‘leabhair chealaithe’.

Rinneadh na leabhair luachála i bparóistí agus bhí leabhar nua ann i leith gach paróiste ar leith. Maidir le ceantair thuaithe, baineadh úsáid as léarscáileanna priontáilte sé orlach nó 1:10,560 a bhí déanta ag an tSuirbhéireacht Ordanáis mar bhunléarscáil ar dá réir a rinneadh an fhaisnéis luachála a tharraingt suas de láimh. Maidir le bailte, inar áiríodh áiteanna sa raon ó shráidbhailte beaga go cathracha móra, rinneadh pleananna baile i bhfoirm lámhscríbhinne agus, de ghnáth, de réir scála mór seasca orlach in aghaidh an mhíle nó 1:1,056 Maidir le contaetha a raibh luacháil déanta ina leith i Luacháil Bhaile Fearainn agus i Luacháil Tionóntán araon, ní dhearna lucht Luachála na dTionóntán leabhair nua allamuigh ach, i gcásanna áirithe, baineadh athúsáid as doiciméid eile a bhí ann cheana féin. I gcuid mhór cásanna, rinneadh leabhar eile tí mar chuid den obair maidir le tionóntáin agus cuireann sé sin faisnéis ar fáil a taifeadadh ar dháta níos déanaí. Tá roinnt difríochtaí ann idir na doiciméid a cruthaíodh i gcontaetha a luacháladh den chéad uair faoi Luacháil na dTionóntán agus i gcontaetha a luacháladh roimhe sin.

Tá na hábhair chartlainne a chlúdaíonn tréimhse na luachála tosaigh curtha in eagar i bhfiche sraith doiciméad ar leithligh, agus tá gach ceann ar leith díobh sin liostaithe. Tá na doiciméid idirnasctha, agus d’fhéadfadh sé go bhfuil faisnéis is ábhar spéise le fáil i roinnt sraitheanna. Tá gach doiciméad ar leithligh liostaithe ina shraith féin agus tá dáta chomh gar agus is féidir ann ina leith. Breacadh síos dátaí i dtromlach na leabhar ach is fíorbheagán dátaí a taifeadadh ar léarscáileanna. Rinneadh roinnt doiciméad a chónascadh i leabhair: mar shampla, i gcuid mhór contaetha, rinneadh leabhair allamuigh a cheangal le leabhar na dtithe don pharóiste, agus rinneadh cuid mhór leabhar ríomhaireachta a cheangal in éineacht leis na leabhair seiceála tí. Ina theannta sin, tá roinnt cumasc nach bhfuil súil leo, nó roinnt cumasc uathúil, ann. Déantar nithe den sórt sin a nótáil sna liostaí. Tá cuid de na hábhair chartlainne i riocht leochaileach nó caite agus d’fhéadfadh sé nach gcuirfear cuid acu ar fáil in aon chur nó ar fáil ach amháin i bhfoirm ionadach.

Tá thart ar 30,000 doiciméad liostaithe in ábhair chartlainne luachála na Cartlainne Náisiúnta agus, de ghnáth, is féidir teacht ar dhoiciméid áirithe a bhaineann le paróiste nó le baile, ach níl gach doiciméad ar marthain. Maidir leis na leabhair atá ann sa phríomhshraith (leabhair allamuigh, leabhair inmheánacha, leabhair chuartó agus leabhair tionachta) rinneadh iad, i dtosach báire, i leith gach paróiste nó baile sa tír. Rinneadh liosta-leabhair i leith gach uile chontae ach ní ann dóibh ach amháin le haghaidh deich gcontae. Maidir le roinnt sraitheanna doiciméad, ní dhearnadh iad ach amháin i gcásanna sonracha, amhail leabhair chíosa faoi Acht 1846 agus leabhair shuirbhéireachta faoin Luacháil Tionóntán. Is léir nach ndearnadh leabhair eile ach amháin ar bhonn ócáideach, mar shampla, leabhair chomparáide nó leabhair réamhráite. Is ionann an staid i gcás léarscáileanna nach bhfuil cuid mhór acu ar fáil.

Tá liosta de na taifid, agus é curtha in eagar de réir an chineáil leabhair, de réir barúntachtaí agus de réir paróistí sibhialta ar fáil sa seomra léitheoireachta. Tá cuid de na leabhair seo, chomh maith le treoirleabhair mhionsonraithe faoi na taifid, ar fáil chun cuardach a dhéanamh iontu saor in aisce ar ár láithreán gréasáin ginealais.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar treoracha na oifigigh luacháil féach ar:

NAI, OL/1/2/2 Instructions to valuators (1833) (National Archives gratefully acknowledges the Royal Irish Academy for permission to reproduce the 1833 instructions).

NAI, OL/1/2/6 Instructions to valuators (1844)

NAI, OL/1/2/5 Additional instructions to valuators (1844)

NAI, OL/1/2/7 Instructions to valuators (1853) part 1

NAI, OL/1/2/7 Instructions to valuators (1853) part 2

NAI, OL/1/2/7 Instructions to valuators (1853) part 3

NAI, OL/1/2/7 Instructions to valuators (1853) part 4

[1] Contaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Chiarraí, Luimnigh, Thiobraid Árann agus Phort Láirge agus cathracha Chorcaí, Chill Chainnigh, Luimnigh agus Phort Láirge.