Deich mBliana na gCuimhneachán

Ar láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta a bhaineann le Deich mBliana na gCuimhneachán, tugtar léargas ar fhorbairt stairiúil na hÉireann sa tréimhse ó 1912 go 1923, arbh í an tréimhse deich mbliana ba shuaite agus ba chlaochlaithí a bhí ann in Éirinn sa 20ú haois.

Nuair a tháinig deireadh leis an tréimhse sin, bhí an t-oileán deighilte ina dhá stát a raibh ceann amháin acu neamhspleách. Bhí an tír tar éis teacht trí Fhrithdhúnadh 1913, trí Chogadh Domhanda I, trí Éirí Amach na Cásca 1916, trí Chogadh na Saoirse agus trí chogadh cathartha a bhí thar a bheith achrannach.

Léiríonn an láithreán gréasáin fairsinge an ábhair a bhaineann leis an tréimhse fhíorthábhachtach deich mbliana sin agus atá á choimeád sa Chartlann Náisiúnta agus soláthraíonn sé rochtain ar an ábhar sin saor in aisce. Mar thoradh ar an tionscadal, tá roinnt bailiúchán curtha ar fáil ar an idirlíon cheana féin agus cuirfear lena líon sna blianta atá romhainn, rud a mhéadóidh líon na bhfoinsí príomha a bhfuil athrú á ndéanamh acu cheana féin ar thírdhreach an léinn agus ar an tírdhreach poiblí a bhaineann leis an tréimhse.

Tuairisceáin oifigiúla daonáirimh agus daonáirimh ionaid

Rinneadh daonáireamh córasach rialtais ar dhaonra na hÉireann uair amháin gach 10 mbliana ó 1821 go dtí 1911. Ní raibh aon daonáireamh ann sa bhliain 1921 ach athchromadh ar an obair dhaonáirimh sa bhliain 1926. De réir alt 35 den Acht Staidrimh 1993, tá na tuairisceáin daonáirimh go léir ón mbliain 1923 ar aghaidh dúnta don phobal go ceann 100 bliain. Scaoilfear daonáireamh 1926 do thaighdeoirí tar éis 100 bliain.

Daonáirimh 1821-1851

Sa bhliain 1922, díothaíodh na tuairisceáin daonáirimh ar fad, nach mór, a bhain leis na blianta 1821, 1831, 1841 agus 1851 agus a bhí a gcoimeád in iar-Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn. Ach tá roinnt tuairisceán a bhaineann leis na blianta 1821, 1831, 1841 agus 1851 ar marthain fós. Clúdaíonn siad sin codanna de na contaetha agus na blianta daonáirimh seo a leanas:

Aontroim 1851
An Cabhán 1821, 1841
Corcaigh 1841
Fear Manach 1821, 1841, 1851
Gaillimh 1821
Contae an Rí (Uíbh Fhailí) 1821
Londaindoire (Doire) 1831, (athbhreithnithe na bliana 1834)
An Mhí 1821
Port Láirge 1841

De bhreis air sin, tá liostaí ainmneacha ceann teaghlaigh ann a fuarthas ó thuairisceáin na bliana 1851 i leith cuid de Chathair Bhéal Feirste agus i leith Chathair Bhaile Átha Cliath (féach liosta na dtuairisceán daonáirimh de chuid an 19ú haois Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta). Tá na tuairisceáin mharthanacha daonáirimh inchuardaithe ina n-iomláine ar líne ar ár láithreán gréasáin daonáirimh. Is féidir cuardach a dhéanamh saor in aisce.

Daonáirimh 1861-1891

Níl aon tuairisceáin daonáirimh i leith teaghlaigh ar leithligh ar marthain do na blianta 1861, 1871, 1881 ná 1891. Díothaíodh na tuairisceáin daonáirimh do na blianta 1861 agus 1871 sa bhliain 1877 tar éis anailís a dhéanamh ar shonraí an daonáirimh agus tar éis na tuarascálacha daonáirimh a fhoilsiú. Díothaíodh tuairisceáin na mblianta 1881 agus 1891 sa bhliain 1918.

Daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911

Tá na tuairisceáin bhunaidh lámhscríbhinne go léir, nach mór, maidir le gach teaghlach sa dá chontae is tríocha d’Éirinn ar marthain le haghaidh na mblianta 1901 agus 1911. Tá na tuairisceáin curtha in eagar de réir contae, toghroinn cheantair agus baile fearainn nó, maidir le limistéir uirbeacha, de réir sráide. Maidir leis na tuairisceáin a bhaineann le gach baile fearainn nó sráid sna blianta 1901 agus 1911, cuimsíonn siad an méid seo a leanas:

  • foirmeacha dar teideal Foirm A, a chomhlánaigh ceann gach teaghlaigh ar leith agus inar tugadh ainmneacha gach duine sa teaghlach lena mbaineann ar oíche an daonáirimh, mar aon lena n-aois, lena slí bheatha, lena reiligiún agus lena gcontae breithe nó lena gcathair bhreithe (nó a dtír bhreithe má rugadh iad lasmuigh d’Éirinn); agus
  • foirmeacha (dar teideal Foirmeacha N, B1 agus B2) a chomhlánaigh an t-áiritheoir oifigiúil daonáirimh a thóg an daonáireamh agus ina dtugtar achoimre ar na tuairisceáin maidir leis an mbaile fearainn nó maidir leis an tsráid a bhí i gceist.

Tá tuairisceáin daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911 inchuardaithe go hiomlán ar líne anois i dtaca le gach catagóir faisnéise a taifeadadh ar na foirmeacha bunaidh daonáirimh. Is féidir cuardach a dhéanamh saor in aisce. Chomh maith le cuardach sloinnte, is féidir cuardach a dhéanamh sna tuairisceáin de réir reiligiúin, slí bheatha, caidrimh leis an gceann teaghlaigh, stádas litearthachta, contae tionscnaimh ní tír thionscnaimh, inniúlacht Ghaeilge, tinnis shonraithe agus, i gcás dhaonáireamh 1911, básmhaireacht leanaí. Is féidir an méid sin a dhéanamh trí chliceáil ar an táb dar teideal ‘Tuilleadh roghanna cuardaigh’. Níl aon léarscáileanna ann a chomhfhreagraíonn do thuairisceáin daonáirimh na mblianta 1901 agus 1911.

Daonáirimh Ionaid
Cóipeanna Oifigiúla de Thaifid Daonáirimh

Cé gur díothaíodh na tuairisceáin daonáirimh ar fad, nach mór, a bhain leis na blianta 1821, 1831, 1841 agus 1851 sa bhliain 1922, tá cóipeanna oifigiúla de líon beag tuairisceán ar leithligh a rinne baill foirne iar-Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn, nó daoine eile, roimhe sin ar marthain fós Tá liosta de chóipeanna de chuid an 19ú haois agus de chóipeanna deimhnithe ar fáil lena léamh sa Seomra Léitheoireachta. Tá roinnt tuairisceán a bhaineann leis na blianta 1821, 1831, 1841 agus 1851 ar marthain fós. Tá digitiú déanta orthu sin agus tá siad inchuardaithe ar ár láithreán gréasáin ginealais.

Foirmeacha Cuardaigh Daonáirimh

Cuimsíonn foirmeacha cuardaigh daonáirimh faisnéis a thug daoine chun a chumasú cuardach a dhéanamh i dtuairisceáin bhunaidh dhaonáirimh na mblianta 1841 agus 1851 chun cruthúnas ar aois a fháil i dtaca le daoine a raibh pinsean seanaoise á éileamh acu.

Mar thoradh ar an Old Age Pensions Act 1908, tugadh isteach pinsean neamh-ranníocach do dhaoine cáilithe 70 bliain d’aois agus os a chionn. Cuireadh an tAcht sin i bhfeidhm i Sasana, sa Bhreatain Bheag, in Albain agus in Éirinn le héifeacht ó mhí Eanáir 1909. Chun bheith cáilithe, b’éigean d’iarratasóirí a bheith 70 bliain d’aois agus b’éigean ioncam níos ísle ná £31.10.00 sa bhliain a bheith acu.

Ba ghá cruthúnas ar aois a chur ar fáil in éineacht le hiarratas ach, ós rud é nár cuireadh tús le clárú sibhialta breitheanna in Éirinn go dtí an bhliain 1864, bhí deacracht ag roinnt iarratasóirí maidir le fianaise dhoiciméadach ar aois a sholáthar. Chun an deacracht sin a shárú, measadh go mbeadh cuardaigh i dtuairisceáin daonáirimh na mblianta 1841 agus 1851, a bhí le fáil in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn fós, chomh maith le cláir baiste eaglaise, inghlactha mar fhianaise dhoiciméadach ar aois iarratasóra. B’éigean don iarratasóir ainmneacha agus áit chónaithe a dtuismitheoirí sa bhliain chuí a sholáthar. Ina theannta sin, b’éigean dóibh a rá cén aois a bhí acu, dar leo féin, sa bhliain chuí.

Cuireadh foirmeacha ina raibh an fhaisnéis sin chuig Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn áit a ndearnadh cuardaigh i dtuairisceáin bhunaidh dhaonáirimh na mblianta 1841 agus 1851. Nuair nach bhfuarthas tagairt don iarratasóir mar thoradh ar an gcuardach, scríobhadh nóta ar an bhfoirm, is é sin le rá, ‘not found’ nó ‘no trace’. Fiú amháin i gcás cuardaigh gan toradh, beidh leagan an iarratasóra d’ainmneacha agus de shuíomh a bhall/ball teaghlaigh sna blianta 1841 agus 1851 le fáil sna foirmeacha cuardaigh daonáirimh. D’éirigh le cuid mhór de na cuardaigh sin agus is minic a sholáthraíonn siad sin ainmneacha agus aoiseanna gach duine a bhí ann i dteaghlach an éilitheora tráth an daonáirimh a bhí i gceist.

Tá na foirmeacha cuardaigh daonáirimh curtha in eagar de réir contae, barúntachta, paróiste, baile fearainn nó sráid uirbeach agus ainm an iarratasóra (lena n-áirítear sloinne roimh phósadh, más infheidhme) Tá foirmeacha cuardaigh daonáirimh ar fáil ar líne anois agus is féidir cuardach a dhéanamh iontu saor in aisce ar ár láithreán gréasáin ginealais.

Móráireamh Talmhaíochta

Cuimsíonn an móráireamh talmhaíochta dhá dhoiciméad ar leith: is é atá i gceann amháin acu ná tuairisceán faoi bheostoc i gContae Aontroma sa tréimhse 1803-1804 agus is é atá sa cheann eile ná cuntas ar arbhar a bhí i seilbh ag áitritheoirí Chontae Lú c. 1800-1816. Rinneadh an móráireamh talmhaíochta tráth a raibh staid leochaileach ann sa tír tar éis éirí amach 1798 agus éirí amach 1803. Tá an dá thuairisceán ina gcuid d’ábhair chartlainne Oifig Ard-Rúnaí na hÉireann atá i seilbh ag an gCartlann Náisiúnta faoi na tagairtí CSO/OP/153/103 agus CSO/OPMA/163, faoi seach. Soláthraíonn na doiciméid mionsonraí faoi bheostoc agus faoi stoc marbh agus, chomh maith leis sin, faoi arbhar agus uirlisí, mar aon le hainmneacha agus seoltaí úinéirí-áitritheoirí na gceantar ar tiomsaíodh na tuairisceáin ina leith.

Daonáireamh Reiligiúin, 1766

Ní fíordhaonáireamh é Daonáireamh Reiligiúin 1766 ach, dá ainneoin sin, gabhann tábhacht ghinealais leis. Údaraíodh an daonáireamh le rún ó Theach na dTiarnaí in Éirinn agus cuimsíonn sé tuairisceáin ó chinn teaghlaigh Phrotastúnacha agus Chaitliceacha (Pápairí) agus liostaítear ainmneacha i ngach paróiste ann. Ach, uaireanta, ní thaifeadtar ach faisnéis staitistiúil faoin líon Protastúnach agus faoin líon Caitliceach i bparóiste. Maireann na tuairisceáin san fhoirm bhunaidh nó i bhfoirm trascríbhinne. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Treoir maidir leis an Daonáireamh Reiligiúin, 1766.

Daonáireamh Ail Finn, 1749

Rinneadh an daonáireamh seo faoi threoir Edward Synge, Easpag Ail Finn. Theastaigh uaidhsean a fháil amach cén cion Protastúnach a bhí ann i ndeoise Ail Finn i gcomparáid leis an líon Caitliceach; clúdaíonn an deoise sin an chuid is mó de Chontae Ros Comáin agus tá codanna de Chontae na Gaillimhe agus de Chontae Shligigh inti freisin. Tá Daonáireamh bunaidh Ail Finn á choimeád sa Chartlann Náisiúnta faoin tagairt M2464 agus d’fhoilsigh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann é faoin teideal The Elphin Census, 1749 (arna chur in eagar ag Marie-Louise Legg, IMC, 2004).

Taifid maidir le hionnarbadh pionósach: ó Éirinn go dtí an Astráil, 1788-1868

Cé nach bhfuil na taifid ar fad ó Oifig an Phríomh-Rúnaí, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, go háirithe don tréimhse roimh an mbliain 1836, ar marthain, is foinse thábhachtach iad ábhair chartlainne na hÉireann do Astrálaigh a bhfuil taighde á dhéanamh acu faoina gcuid sinsear a bhí ina ndaoránaigh Éireannacha. Bhí ionnarbadh pionósach chun na hAstráile agus, níos déanaí, go Beirmiúda agus Giobráltar, ar siúl sa tréimhse ó 1791 go 1853; ina dhiaidh sin, cuireadh pianbhreith phríosúnachta in Éirinn in ionad pianbhreithe ionnarbtha phionósaigh.

Tá raon leathan taifead ag an gCartlann Náisiúnta maidir le hionnarbadh daoránach ó Éirinn go dtí an Astráil sa tréimhse ó 1788 go 1868 agus tá na taifid sin ar fáil ar an mBunachar maidir le hIonnarbadh. I roinnt cásanna, áiríonn na taifid sin tagairt do dhaoine de theaghlach an daoránaigh a ionnarbadh mar lonnaitheoirí saorálacha. Cé go mbaineann an bailiúchán achainíocha daoránaigh leis an tréimhse ar cuireadh tús le hionnarbadh ó Éirinn go dtí an Astráil sa bhliain 1791, díothaíodh na cláir go léir a bhaineann le hionnarbadh roimh an mbliain 1836 sa bhliain 1922. Dá bhrí sin, má ciontaíodh an duine a bhfuil taighde á dhéanamh agat ina leith roimh an mbliain 1836, ach nach raibh sé/sí ina ábhar/hábhar d’achainí, ní bheidh sé/sí san áireamh sa bhunachar sonraí seo ós rud é nach bhfuil na taifid ónar tiomsaíodh an bunachar sonraí ionnarbtha iomlán. D’fhéadfadh sé nach mbeidh i gceist le cuardach rathúil sna taifid ach achoimre lom oifigiúil ach, seachas sin, d’fhéadfadh sé go bhfaighfí ceann de na mílte achainíocha a thíolaic príosúnaigh nó a tíolacadh thar a gceann. Cuimsíonn na taifid a bhaineann le daoránaigh ionnarbtha an méid seo a leanas:

  • Cláir Ionnarbtha, 1836-1857;
  • Achainíocha agus Cásanna Príosúnach, 1788-1836;
  • Achainíocha Príosúnach Stáit, 1798-1799;
  • Comhaid Tagartha Daoránach, 1836-1856: 1865–1868;
  • Páipéir maidir le Lonnaitheoirí Saorálacha, 1828-1852; (f) Clár na nDaoránach Fireann, 1842-1847;
  • Clár na nDaoránach ar Longa Daoránach, 1851-1853.

Tá sé ceaptha go mbeidh innéacs bhunachar sonraí na dtaifead ionnarbtha inchuardaithe de réir sloinne ach is féidir cuardach a dhéanamh ann freisin de réir ionad na trialach, de réir na coire nó de réir an dáta. Tá micreascannáin ina bhfuil cóipeanna iomlána de na taifid ar fáil sa Seomra Léitheoireachta agus tá an t-innéacs agus na micreascannáin ar fáil i leabharlanna stáit san Astráil freisin. Má éiríonn leis an gcuardach sa bhunachar sonraí ionnarbtha agus sna micreascannáin, d’fhéadfadh sé go bhfuil dóthain faisnéise ann chun an cuardach a shaothrú i bhfoinsí eile de chuid na Cartlainne Náisiúnta, lena n-áirítear Páipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí, ina gcuimsítear Tuairiscí Uafáis, nó i nuachtáin a choimeádtar i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi thaifid Ionnarbtha agus faoi Pháipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí a fháil in Treoirleabhair & foinsí taighde.

Taifid breitheanna, póstaí agus básanna

Cláir eaglaise agus phobalda maidir le baisteadh, pósadh agus adhlacadh

Maidir leis an tréimhse sular cuireadh tús le clárú sibhialta breitheanna, póstaí agus básanna sa bhliain 1864, is i dtaifid eaglaise a sholáthraítear an t-aon taifead amháin ar an gcuid is mó breitheanna, póstaí agus básanna, rud a sholáthraítear i bhfoirm cláir a bhaineann le baistí, póstaí agus adhlacthaí. Tá póstaí Eaglais na hÉireann, póstaí Preispitéireacha agus póstaí Giúdacha á gclárú go sibhialta ó bhí an bhliain 1845 ann.

Taifid na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí

Tá cláir bhunaidh pharóiste na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí (i.e. le haghaidh baistí, póstaí agus adhlacthaí) á gcoimeád fós sna paróistí lena mbaineann. Maidir leis an gcuid is mó paróiste de chuid na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí in Éirinn, tá cóipeanna micreascannáin de na cláir bhunaidh pharóiste ar fáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le haghaidh na mblianta suas go 1880 agus, i gcásanna áirithe, suas go 1900. Tá siad sin ar fáil saor in aisce ar líne anois ar láithreán gréasáin Chlár Paróistí Caitliceacha Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tugtar ainmneacha agus seoltaí daoine den chléir Chaitliceach Rómhánach in Eolaire Caitliceach na hÉireann.

Eaglais na hÉireann

Tá cuid mhór clár paróiste (i.e. baistí, póstaí agus adhlacthaí) de chuid Eaglais na hÉireann (an Eaglais Anglacánach) ar taisceadh i Leabharlann agus Cartlann an Chomhlachta Ionadaithigh Eaglaise agus tá an cuid eile fós á gcoimeád sna paróistí iomchuí. Is taifid phoiblí iad na cláir pharóiste a bhaineann leis an tréimhse roimh an mbliain 1870 agus bhí cuid acu ar taisceadh in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn ach díothaíodh iad sa bhliain 1922. Tá cláir ar marthain le haghaidh thart ar an tríú cuid de na paróistí ar fud na tíre.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Leabharlann agus Cartlann an Chomhlachta Ionadaithigh Eaglaise. D’fhéadfadh na cláir pharóiste a bheith ar fáil freisin, i bhfoirm bhunaidh, i bhfoirm chóipe nó i bhfoirm mhicreascannáin, sa Chartlann Náisiúnta. De ghnáth, ní bhaineann na taifid a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta leis an tréimhse tar éis na bliana 1880 ach baineann líon beag díobh leis an bhfichiú haois.

leaganacha micreascannáin nó cóipeanna eile de cláir pharóiste Eaglais na hÉireann ar marthain sa Chartlann Náisiúnta le haghaidh Dheoisí Fhearna, Ghleann Dá Loch, Chill Dara agus na Mí, chomh maith le taifid eile ó chodanna eile den tír.

Tá cóipeanna ag Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann de na cláir mharthanacha go léir de chuid Eaglais na hÉireann le haghaidh Dheoisí Ard Mhacha, an Chlochair, Choinnire, Dhoire, Dhroim Mór, na Cille Móire agus Ráth Bhoth. Chomh maith le gach ceann de na sé chontae atá ann i dTuaisceart Éireann faoi láthair, clúdaíonn na Deoisí sin Contaetha an Chabháin, Dhún na nGall, Lú agus Mhuineacháin, agus cuid de Chontae Liatroma, atá suite i bPoblacht na hÉireann. Tá cóipeanna de na cláir pharóiste sin go léir a bhaineann le Poblacht na hÉireann agus a ndearna Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann leagan micreascannáin díobh, á gcoimeád i Leabharlann agus Cartlann an Chomhlachta Ionadaithigh Eaglaise.

liosta iomlán de chláir pharóiste Eaglais na hÉireann, ina léirítear an bhfuil siad ar marthain agus cén áit a gcoimeádtar iad, ar fáil sa Chartlann Náisiúnta agus, chomh maith leis sin, i Leabharlann agus Cartlann an Chomhlachta Ionadaithigh Eaglaise. Tugtar ainmneacha agus seoltaí daoine den chléir in Eolaire bliantúil Eaglais na hÉireann. Is féidir liosta agus cárta-innéacs de na cláir a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta, chomh maith le liostaí trascríbhinní agus achomaireachtaí, a cheadú sa seomra léitheoireachta.

Tugann taifid ar cheadúnais phósta faisnéis maidir le roinnt póstaí de chuid Eaglais na hÉireann a bhí ann roimh an mbliain 1845. B’éigean do dhaoine ar theastaigh uathu ceadúnas pósta a fháil gan bannaí a fhógairt banna a dhéanamh le heaspag na deoise. Níl na ceadúnais ná na bannaí ar marthain (sa chuid is mó cásanna), ach tá na hinnéacsanna a ghabhann leis na bannaí a taisceadh i ngach Cúirt Deoise agus sa Chúirt Sainphribhléide ar fáil ar mhicreascannán sa seomra léitheoireachta.

Tá roinnt de na hinnéacsanna foilsithe. Tá tuilleadh mionsonraí le fáil in achomaireachtaí Betham maidir le ceadúnais phósta Sainphribhléide agus ceadúnais phósta Dheoise Bhaile Átha Cliath. Tá taifid eile faoi cheadúnais phósta innéacsaithe sa chárta-innéacs Tiomnach atá ar fáil sa seomra léitheoireachta.

Cuimsíonn na Cuardaigh Pharóiste trí imleabhar déag ina bhfuil cuardaigh a rinneadh i dtuairisceáin pharóiste Eaglais na hÉireann (baistí de ghnáth, ach tá roinnt póstaí i gceist freisin). Iarradh na cuardaigh chun a fháil amach an raibh an t-iarratasóir, sa tréimhse c. 1908-1922, ach c. 1915-1922 go háirithe, i dteideal Pinsean Seanaoise a fháil ar bhonn fianaise a fuarthas ó na tuairisceáin pharóiste a bhí ar marthain an tráth sin in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn. Uaireanta, ní dhearnadh ach cuardach amháin taifeadta maidir le duine sonrach i bparóiste. In imleabhar a trí déag, tá cuardaigh iolracha taifeadta maidir le daoine éagsúla i bparóistí cathrach agus iad liostaithe in ‘Parish Registers and related Material’, atá ar fáil sa seomra léitheoireachta.

Tá trascríbhinní (agus roinnt íomhánna digitithe) de chláir pharóiste baistí, póstaí agus adhlactha de chuid na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus Eaglais na hÉireann don tréimhse roimh an mbliain 1900 ar fáil saor in aisce ar www.irishgenealogy.ie. Tá an láithreán sin á óstáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

D’fhéadfadh sé gur díol spéise iad freisin taifid eile nach bhfuil eagraithe ar bhonn paróiste.

D’fhéadfadh sé go mbeadh taifid de chuid an phobail Ghiúdaigh in Éirinn, lena n-áirítear taifid bhreithe, ar fáil i Músaem Giúdach na hÉireann i mBaile Átha Cliath ag 3 Bóthar Walworth, Baile Átha Cliath 8. Tá bunachar sonraí faoi theaghlaigh Ghiúdacha na hÉireann ar fáil ag www.irishjewishroots.com.

Áiríonn taifid Eaglais Mheitidisteach na hÉireann cláir baistí agus póstaí chuarda Meitidisteacha agus shéipéil Mheitidisteacha na hÉireann. Tá cuid mhór acu á gcoimeád ag Wesley Historical Society in Ireland i mBéal Feirste agus tá bailiúchán beag cartlainne acu i mBaile Átha Cliath freisin. Tá leagan micreascannáin de chuid mhór taifead Meitidisteach déanta ag Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann. Is ceart do thaighdeoirí Irish Methodists: where do I start? (Council of Irish Genealogical Organisations, Dublin, 2000), le Steven C. ffeary-Smyrl, chun treoir a fháil maidir le taifid a bhaineann leis an Eaglais Mheitidisteach in Éirinn.

Cuimsíonn taifid na hEaglaise Preispitéirí in Éirinn cláir baistí agus póstaí. Tá cuid mhór acu á gcoimeád ag an Presbyterian Historical Society i mBéal Feirste. Tá leagan micreascannáin den chuid is mó de thaifid na hEaglaise Meitidistí i gCúige Uladh déanta ag Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann.

Tá cláir breitheanna, póstaí agus básanna a bhaineann leis an tréimhse ón seachtú haois déag ar aghaidh le fáil i dtaifead Chumann na gCarad (na Caecair). Tá na taifid sin á gcoimeád ag Leabharlann Staire Chumann na gCarad i mBaile Átha Cliath nó ag Tionól Ráithiúil Uladh Chumann na gCarad i Lios na gCearrbhach.

Tá an chuid is mó de na cláir pharóiste (beag beann ar aicme chreidimh) do chontaetha tuaisceartacha na hÉireann ar fáil ar mhicreascannán in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann.

Tá an buneolas is fearr faoi thaifid eaglaise le fáil in Irish Church Records (Dublin, 2001), le James G. Ryan (eagarthóir), agus i saothar le Steven C. Smyrl dar teideal Dictionary of Dublin Dissent:Dublin’s Protestant dissenting meeting houses, 1660–1920 (Dublin, 2009).

Uachtanna agus riaracháin

Chun dlíthiúlacht uachta duine éagtha a chinntiú, ní mór do na cúirteanna deonú probháide a dhéanamh. Mar chuid den phróiseas sin, taisctear an uacht bhunaidh leis na cúirteanna. Má fhaigheann duine bás ina dhíthiomnóir/díthiomnóir, is é sin, gan uacht a dhéanamh, is féidir leis na cúirteanna litreacha riaracháin a dheonú ar mhaithe le diúscairt an eastáit.

Roimh an mbliain 1858, is iad cúirteanna Eaglais na hÉireann, arbh í an eaglais bhunaithe Stáit í, a rinne deonú probháide agus riaracháin. Ba iad na cúirteanna sin an Chúirt Sainphribhléide agus na cúirteanna éagsúla deoise nó comhshuímh. Tá innéacsanna ar leithligh ann de na huachtanna agus de na riaracháin a bhaineann le gach cúirt ar leith agus tá siad ar fáil chun cuardach a dhéanamh iontu ar mhicreascannán sa Seomra Léitheoireachta. Tá roinnt de na hinnéacsanna sin foilsithe. Maidir leo sin, is iad na cinn is tábhachtaí Innéacs an Bhiocáire maidir le hUachtanna Sainphribhléide 1536-1810 agus na hInnéacsanna a ghabhann le Leabhair Deonachán agus Uachtanna Bhaile Átha Cliath 1270-1800, Innéacs na nUachtanna agus na gCeadúnas Pósta do Dheoise Bhaile Átha Cliath suas go dtí an bhliain 1800 agus ó 1800 go 1858.

Ón mbliain 1858, is iad na cúirteanna sibhialta a rinne deonú probháide agus riaracháin: is é sin le rá, Príomhchlárlann agus Clárlann Cheantair na Cúirte Probháide roimh an mbliain 1877 agus na hArd-Chúirte ón mbliain 1877 ar aghaidh. Tá innéacsú déanta ar na deonuithe sin i bhFéilirí bliantúla na nUachtanna agus na Riarachán a chlúdaíonn an tréimhse 1858-1982 agus tá siad ar fáil sa seomra léitheoireachta.

Is féidir cuardach a dhéanamh sna féilirí (sna hinnéacsanna) ar líne. Ní féidir rochtain a fháil ar na doiciméid bhunaidh ar líne ach is féidir breathnú orthu i seomra léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta nó is féidir cóip a fháil ach táille a íoc agus an fhoirm Ordaithe Cóipe Tiomnaí a chomhlánú. Chun tuilleadh faisnéise maidir le cóip a ordú féach Cóipeanna d’ábhair chartlainne a fháil.

Maidir leis an tréimhse ó 1858 go 1917, clúdaíonn na féilirí Éire ina hiomláine. Tar éis na bliana 1918, clúdaíonn na féilirí na 26 chontae i bPoblacht na hÉireann agus tá innéacsanna a chlúdaíonn sé chontae Thuaisceart Éireann ar fáil in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann.

Tá digitiú déanta ar na féilirí tiomnacha atá ar fáil inár seomra léitheoireachta agus is féidir cuardach a dhéanamh iontu ar líne ar ár láithreán gréasáin ginealais, le haghaidh na mblianta 1858 go 1920, agus ar ár catalóg ar líne, le haghaidh na mblianta 1922-1982. Is féidir cuardach a dhéanamh de réir ainm an duine éagtha sa chatalóg ar líne le haghaidh na mblianta 1923-1951 agus 1983-1991.

Tá treoirleabhar maidir le cuardach a dhéanamh inár gcuid acmhainní ar líne i dtaca le huachtanna agus riaracháin ar fáil sa roinn den láithreán gréasáin dar teideal Treoir maidir le taifid thiomnacha a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta. Tá innéacsanna a chlúdaíonn sé chontae Thuaisceart Éireann, chomh maith le sraith eile innéacsanna iar-1858, ar fáil in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann.

Taifid na hOifige Luachála

An Luacháil Phríomha

Ba í an Luacháil Phríomha, ar a dtugtar Luacháil Griffith, an chéad luacháil lánscála maoine in Éirinn agus rinneadh mionsonraí faoi mhaoin lenar ghabh luachálacha a fhoilsiú idir na blianta 1847 agus 1864. Tá leabhar luachála priontáilte ann maidir le gach barúntacht nó gach aontas dhlí na mbocht sa tír agus taispeántar iontu ainmneacha áititheoirí talún agus foirgneamh, ainmneacha na ndaoine ónar léasaíodh an talamh agus na foirgnimh sin, agus méid agus luach na maoine a sealbhaíodh. Tá liosta de leabhair na Luachála Príomha, agus é curtha in eagar de réir paróistí sibhialta, ar fáil sa Seomra Léitheoireachta, ach ní féidir an luacháil phriontáilte a cheadú ach amháin ar mhicreascannán sa Chartlann Náisiúnta. Ina theannta sin, tá an luacháil phriontáilte ar fáil chun cuardach a dhéanamh inti saor in aisce ag www.askaboutireland.ie.

Taifid Luachála

Tá cuid mhór taifead lámhscríbhinn ag an gCartlann Náisiúnta freisin, is é sin, taifid a tiomsaíodh i dtaca leis an Luacháil Phríomha, lena n-áirítear Leabhair Pháirceanna, Leabhair Thithe, Leabhair Mhuilte, Leabhair Chuartó agus Leabhair Thionachtaí. Tá liosta de na taifid, agus é curtha in eagar de réir an chineáil leabhair, de réir barúntachtaí agus de réir paróistí sibhialta ar fáil sa seomra léitheoireachta. Tá cuid de na leabhair seo, chomh maith le treoirleabhair mhionsonraithe faoi na taifid, ar fáil chun cuardach a dhéanamh iontu saor in aisce ar ár láithreán gréasáin ginealais.

Tá treoir maidir na taifid na hOifige Luachála ar fáil sa Treoirleabhair & foinsí taighde.

Taifid cheaproinnt na ndeachúna

B’ionann deachú agus an deichiú cuid de thoradh talún talmhaíochta a toibhíodh chun tacú le hEaglais oifigiúil stát-bhunaithe na hÉireann agus le cléir na heaglaise sin. Faoin Tithe Composition (Ireland) Act 1823, athraíodh é sin ina cháin airgeadaíochta agus tiomsaíodh Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna ar dhátaí éagsúla idir na blianta 1823 agus 1837 chun measúnacht a dhéanamh ar mhéid na cánach sin a bheadh le híoc mar dheachúna le hEaglais na hÉireann ag áititheoirí gabháltas talmhaíochta ar mó ná aon acra amháin a méid. Tá leabhar lámhscríbhinne ann le haghaidh beagnach gach paróiste sa tír agus, sa leabhar sin, tugtar ainmneacha áititheoirí, an méid talún atá acu agus na suimeanna atá le híoc mar dheachúna.

Tá na leabhair bhunaidh á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta agus is féidir iad a cheadú ar mhicreascannán amháin sa seomra léitheoireachta nó is féidir cuardach a dhéanamh iontu saor in aisce ar ár láithreán gréasáin ginealais. Má dhéantar cuardach simplí ar shloinne ar an láithreán gréasáin sin, gheofar torthaí trína sainaithneofar an baile fearainn, an paróiste agus an contae a luaitear an t-ainm ina leith i Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna.

Tá liosta de leabhair Cheaproinnt na nDeachúna, agus é curtha in eagar de réir pharóistí Eaglais na hÉireann, ar fáil sa seomra léitheoireachta. Tá na leabhair a bhaineann le sé chontae Thuaisceart Éireann á gcoimeád in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste ach tá cóipeanna ar fáil ar mhicreascannán sa Chartlann Náisiúnta.

Liostaí na Mainnitheoirí Deachún

B’ionann deachúna agus cáin a toibhíodh ar gach áititheoir talún talmhaíochta beag beann ar a gcleamhnacht reiligiúnach. B’olc go mór le daoine go raibh orthu deachúna a íoc, go háirithe na Caitlicigh Rómhánacha a raibh orthu tacú lena sagairt féin. I rith na mblianta ó 1831 go 1832, thosaigh cuid mhór daoine ag diúltú deachúna a íoc agus is mar sin a thosaigh ‘Cogadh na nDeachún’ a bhí níos fíochmhaire i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan ná mar a bhí in áiteanna eile.

Bunaíodh Ciste Faoisimh na Cléire sa bhliain 1832 faoin Recovery of Tithes (Ireland) Act 1832 chun cabhrú le daoine de chléir Eaglais na hÉireann a raibh neamhíoc deachúna ag fearadh orthu. Thug daoine den chléir tuairisceáin don rialtas faoi ainmneacha na ndaoine a dhiúltaigh deachúna a íoc le go bhfaighidís cúiteamh i leith deachúna gan íoc. Maireann cuid de na tuairisceáin sin i bhfoirm sceidil ina dtaifeadtar ainmneacha tuairim is 29,000 mainnitheoir deachún agus tá siad sin ina gcuid d’ábhair chartlainne Oifig an Phríomh-Rúnaí. Tá seoladh an mhainnitheora agus an tsuim a bhí dlite liostaithe sna sceidil. Tá sealúchas talún agus slí bheatha an mhainnitheora liostaithe i gcuid acu freisin. Tá mionsonraí faoi dhaoine den chléir a rinne iarratas ar fhaoiseamh airgeadais faoin gciste le fáil in ‘The Clergy Relief Fund, 1831: tithe defaulters’, le Suzanne C Hartwick, in The Irish Genealogist, iml. 8, 1990. Tá sceidil bhunaidh na mainnitheoirí á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta faoin tagairt CSO/OPMA/165/2/32-37.

Doiciméid a tarrtháladh ó Oifig na dTaifead Poiblí (Éire) tar éis an dóiteáin sa bhliain 1922

Bailiúchán d’ábhar a piocadh suas agus tarrtháladh tar éis an dóiteáin a rinne scrios ar Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn (PROI) an 30 Meitheamh 1922 i rith an Chogaidh Chathartha ab iad na ‘Doiciméid Tarrtháilte’. Níor osclaíodh an 378 beart riamh roimhe sin. Cé go raibh cur síos gearr ar an ábhar a bhí sna bearta ar lipéid na mbeart, ní raibh fáil ag cartlannaithe, staraithe ná ag taighdeoirí ar na doiciméid a bhí iontu.

Tugadh faoi shuirbhé measúnachta ar riocht na mbeart ag deireadh na bliana 2017. An aidhm a bhí leis an suirbhé eolas a fháil ar chéard go díreach a bhí sna bearta, an méid ábhar a bhí iontu a mheas agus an riocht agus tábhacht na ndoiciméad ó thaobh na staire de a fháil amach. Baineann na doiciméid leis an tréimhse ón 14ú hAois go dtí tús an 20ú hAois.

Rinneadh measúnacht ar an ábhar, ullmhaíodh cur síos ina leith agus tógadh grianghraif de. Sannadh raon grád riochta do na doiciméid ó Ghrád 1 (Cobhsaí) go Grád 5 (Leochaileach). Rinneadh measúnacht ar an ábhar ó thaobh cobhsaíochta agus chomh héasca agus a bhí sé iad a oscailt nó na doiciméid a oscailt amach agus iad a léamh. Rinneadh suirbhé ar bheagnach 16,000 bileog veillim i bhformáidí agus riochtanna éagsúla. Bhí díchumadh déanta ar chion ard de na pár-dhoiciméid agus, mar thoradh ar theas an dóiteáin, bhí siad greamaithe de bhileoga eile páir.

Tháinig os cionn 9,000 lámhscríbhinn i mbileoga páipéir scaoilte nó bloic téacs ceangailte slán. Bhí cuid de na leathanaigh nach raibh ach dóite ar chiumhais an leathanaigh agus bhí cuid eile nach raibh dóite ach i lár an leathanaigh de bharr go raibh said fillte. Bhí an páipéar díhiodráitithe agus briosc.

Nuair a bhí an suirbhé déanta ba é an chéad chéim eile ná an t-ábhar ar tugadh Grád 1 dóibh ó thaobh reachta de a ghlanadh. Ba iad sin na doiciméid a bhí ar an riocht is fearr agus a raibh cóireálacha caomhnaithe nach raibh chomh casta sin de dhíth orthu. Thosaigh an obair chun an t-ábhar seo a ghlanadh go luath sa bhliain 2018 ag úsáid modhanna caomhnaithe agus cuireadh stóras fadtéarmach ar fáil i bpacáistiú ar chaighdeán cartlainne chun na doiciméid a chosaint.

Bhí cóireálacha caomhnaithe breise de dhíth ó roinnt beart, cóireálacha ar nós bogthaisiú éadrom, iad a chothromú agus damáiste fisiciúil nó áiteanna a bhí loiscthe a bhí lag agus a raibh sé éasca tuilleadh damáiste a dhéanamh dóibh a dheisiú.

Tugadh an obair chaomhnaithe ar na hábhair ar fad a bhí ar Ghrád 1 chun críche in 2019 agus táthar ábalta an t-ábhar sin a thabhairt do na cartlannaithe chun é a liostáil go mion. Is ó iarbhailiúchán an PROI a tháinig an t-ábhar seo ar fad agus beidh cartlannaithe ábalta teacht a bheith acu ar chóid tagartha na mbailiúchán stairiúil thrí úsáid a bhaint as Guide to the Records Deposited in the Public Record Office of Ireland (Baile Átha Cliath 1919), Herbert Wood.

Ba í Zoë Reid, Caomhnóir Sinsearach na Cartlainne Náisiúnta, a bhí ina maoirseoir tionscadail agus ba iad Rebecca de Bút (caomhnóir tionscadail), Heather Courtney (cúntóir tionscadail agus grianghrafadóir, Suirbhé Measúnachta ar Riocht) agus Jenny Greiner (cúntóir tionscadail, Glanadh ábhar Grád 1) a thug faoin obair. Ní fhéadfaí an obair seo a dhéanamh murach an maoiniú flaithiúil a fuarthas ó Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann (IMC) agus táimid fíorbhuíoch as a thacaíocht leanúnach.

Doiciméid ar Bheartas Eachtrach na hÉireann

Tá doiciméid faoi Bheartas Eachtrach na hÉireann (DIFP) ina bhfoinse riachtanach phoiblí chun staidéar a dhéanamh ar stair an fichiú haois in Éirinn.

Is é is aidhm do DIFP ná stair bheartas eachtrach na hÉireann a chur ar fáil do gach duine agus cuireann sé feasacht ar stair chaidreamh idirnáisiúnta na hÉireann chun cinn i measc an phobail.

Ón tráth ar bunaíodh é sa bhliain 1997, tá aon imleabhar déag cruachóipe foilsithe ag DIFP ar imleabhair iad a chlúdaíonn tréimhsí ar leith ó 1919 go 1961. Foilsíodh iad ar fad de réir an sceidil ama a bhí leagtha amach maidir leo. Foilseofar Imleabhar XII (1961-5) i mí na Samhna 2020.

Mar chuid de thionscnamh rathúil ríomhscoláireachta, tá imleabhair I go VII (1919–45) ar fáil saor in aisce ar líne ag www.difp.ie. Ní fada go mbeidh tuilleadh imleabhar á gcur ar fáil.

Rinneadh na doiciméid atá sna himleabhair atá foilsithe a roghnú as bailiúchán na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála sa Chartlann Náisiúnta agus áirítear iontu ábhar iomchuí ó ábhair chartlainne de chuid ranna eile rialtais agus páipéir de chuid daoine iomchuí.

Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal mar chomhpháirtíocht idirinstitiúideach an-rathúil idir Acadamh Ríoga na hÉireann, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Chartlann Náisiúnta.

Trína chlár for-rochtana, coimeádann DIFP caidreamh láidir ar bun le hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud oileán na hÉireann trí bhíthin cainteanna, léachtaí agus seimineár.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá ardphróifíl ag DIFP laistigh de ghrúpa seanbhunaithe tionscadal domhanda trína ndéantar eagarthóireacht ar dhoiciméid taidhleoireachta agus trína bhfoilsítear doiciméid den sórt sin.

D’fhoilsigh an DIFP ‘Ireland: A voice among the nations’ in 2019, stair le léaráidí, grianghraif agus faisnéis ar bheartas eachtrach na hÉireann ó 1919, chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain ó bunaíodh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Go dtí seo, tá tionscadail bhreise curtha i gcrích againn maidir le haontachas na hÉireann le CEE, 60 bliain de bhallraíocht na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe agus stair chaidreamh taidhleoireachta na hÉireann leis an tSeapáin.

Is iad seo a leanas staraithe DIFP: An Dr Michael Kennedy, an Dr John Gibney agus an Dr Eoin Kinsella.

(R-phost) [email protected]

(T) @DIFP_RIA

(Idirlíon) www.difp.ie

Conflict Archive on the INternet (CAIN)

Is é atá in Conflict Archive on the INternet (CAIN) ná tionscadal de chuid an International Conflict Research Institute in Ollscoil Uladh. Tríd an tionscadal seo táthar ag féachaint le hábhair ó fhoinsí príomha a fhoilsiú ar líne d’fhonn taifeadadh a dhéanamh ar an staid pholaitíochta agus ar an gcoimhlint i dTuaisceart Éireann ón mbliain 1968 go dtí an lá atá inniu ann. Cuireadh tús leis an tionscadal in 1996 agus cruthaíodh láithreán gréasáin bliain ina dhiaidh sin.

Tá an Chartlann Náisiúnta i measc roinnt institiúidí cartlannaíochta a chuireann íomhánna digitithe d’ábhair chartlainne atá ina mbailiúcháin ar fáil lena gcur ar taispeáint ar láithreán gréasáin CAIN. I gcomhar le baill foirne de chuid na Cartlainne Náisiúnta, déanann taighdeoirí CAIN comhaid roinne a roghnú as measc ábhair chartlainne Ranna Stáit éagsúla. I measc na ranna sin, áirítear an Roinn Gnóthaí Eachtracha, Roinn an Taoisigh agus an Roinn Dlí agus Cirt. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreán gréasáin an tionscadail ag www.cain.ulst.ac.uk.