Sa treoir seo a leanas baintear úsáid as ábhair chartlainne de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí atá á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta.
Bunú
Rinneadh Oifig na nOibreacha Poiblí, nó Bord na nOibreacha, a bhunú mar roinn stáit le reachtaíocht a ritheadh sa bhliain 1831, is é sin, reachtaíocht dar teideal An Act for the Extension and Promotion of Public Works in Ireland (1 & 2 Will.IV, c.33). Tar éis an reachtaíocht a rith, ghlac Oifig na nOibreacha Poiblí feidhmeanna chuici féin a bhíodh á gcomhlíonadh ag Ard-Stiúrthóirí na Loingseoireachta Intíre, ag na Coimisinéirí Iascaigh, ag an Ardmháistir Poist agus ag Coimisinéirí na bhFoirgneamh Cathartha.
Chomh maith le méid mór cistí poiblí a bheith ar fáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, d’oibrigh sí mar ghníomhaireacht iasachta freisin agus cumhacht aici iasachtaí a thabhairt chun oibreacha poiblí reatha nó beartaithe a bhunú, a mhéadú nó a fheabhsú, ar choinníoll gur measadh go raibh an tionscadal inchurtha i gcrích.
Freagrachtaí maidir le Forbairt
Loingseoireacht Intíre
I dtosach báire, bhí freagracht ar Oifig na nOibreacha Poiblí i ndáil le loingseoireacht intíre i limistéar na Sionainne uachtaraí, Loch Rí agus Loch Deirgeirt, chomh maith le loingseoireachtaí Thír Eoghain, na Máighe agus na Bóinne. Le himeacht aimsire, cuireadh tionscadail eile faoina cúram, de bhreis ar na hoibreacha móra ar an tSionainn i leith cúrsaí loingseoireachta agus siltin araon. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí scéimeanna fairsinge siltin artairigh a cheadú agus a mhaoirsiú tar éis na bliana 1842 trí iasachtaí siltin a thabhairt d’fhonn siltean talún a spreagadh.
Iascaigh
Ar dtús, bhain freagrachtaí Oifig na nOibreacha Poiblí i leith iascach le bailiú fiach ó iascairí agus le bailchríoch a chur ar chéanna neamhchríochnaithe feadh an chósta, ach, sa bhliain 1842, tugadh cumhachtaí agus freagrachtaí móra di maidir le forbairt agus eagrú na n-iascach agus, ón mbliain 1883 ar aghaidh, bhí an chumhacht aici deontais agus iasachtaí a thabhairt i leith an chostais iomláin, nó cuid den chostas, a bhain le tógáil nó feabhsú céanna agus cuanta iascaigh.
Bóithre agus cuanta
Maidir leis na feidhmeanna a glacadh de láimh ón Ardmháistir Poist agus ó Ard-Stiúrthóirí na Loingseoireachta Intíre, bhain siad le cothabháil na gcéadta míle de bhóithre poiblí. Ina theannta sin, ghlac Oifig na nOibreacha Poiblí freagracht de láimh i ndáil le críochnú Chuan Dhún Laoghaire, a raibh Kingstown mar ainm air an tráth sin, Chuan Dhún Mór agus, sa bhliain 1836, Chuan Bhinn Éadair. Ghlac an Bord cúram na gCuanta Ríoga eile, is é sin, Cuanta Dhomhnach Daoi agus Ard Ghlais, chuige féin sa bhliain 1838.
Foirgnimh chathartha
Sa bhliain 1831, ghlac an Bord freagrachtaí Choimisinéirí na bhFoirgneamh Cathartha de láimh agus, ar dtús, is é a bhí i gceist leis sin ná cothabháil na gCúirteanna Dlí, áiteanna cónaithe oifigiúla an Ard-Leifteanaint agus oifigigh an Rialtais i mBaile Átha Cliath.
I rith na mblianta dá éis sin, ghlac Oifig na nOibreacha Poiblí cúram chuici féin i leith na bhfoirgneamh seo a leanas: foirgnimh a bhí á n-áitiú ag Constáblacht na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, an Chúirt Nisi Prius agus Cúirt na Rollaí agus an Leabharlann Dlí sna Ceithre Cúirteanna, an Leabharlann Dlí, Iosta Chonstáblacht na hÉireann agus Scoil Mhíleata Ibeirneach Ríoga i bPáirc an Fhionnuisce, an tOspidéal Ríoga i gCill Mhaighneann, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, agus Coláistí na Banríona i mBéal Feirste, i gCorcaigh agus i nGaillimh, an Ollscoil Ríoga (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ina dhiaidh sin) ar Ardán Phort an Iarla, Coláiste Ríoga na hEolaíochta (Tithe an Rialtais ina dhiaidh sin) ar Shráid Mhuirfean, Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath, an tArd-Mhúsaem agus an Leabharlann Náisiúnta, chomh maith le gealtlanna ceantair, postoifigí, tithe custam agus foirgnimh ioncaim intíre, foirgnimh gharda an chósta, scoileanna, beairicí constáblachta, tithe gléibe, áiteanna cónaithe múinteoirí, coláistí oiliúna, íoclanna agus malartáin fostaíochta.
Eaglaisí gan úsáid
Faoin Irish Church Act 1869, cuireadh Oifig na nOibreacha Poiblí i gceannas ar chúram a thabhairt d’eaglaisí gan úsáid a measadh ina leith gur Séadchomharthaí Náisiúnta a bhí iontu agus, sa bhliain 1882, bunaíodh í mar an t-údarás i leith Séadchomharthaí Náisiúnta a chaomhnú.
Iarnróid
Ón mbliain 1851 ar aghaidh, d’oibrigh Oifig na nOibreacha Poiblí mar eadránaí idir cuideachtaí iarnróid agus úinéirí talún i dtaca le talamh a fháil faoin reachtaíocht iarnróid a ritheadh sna blianta 1851, 1860 agus 1864. Faoin reachtaíocht maidir le trambhealaí a ritheadh i dtosach bhlianta na 1860-idí, rinne Oifig na nOibreacha Poiblí maoirseacht ar na socruithe airgeadais a bhí déanta ag na tionscnóirí i gcás inar foirmíodh cuideachta iarnróid, go háirithe socruithe a bhain leis an ngnóthas a bhí i gceist.
Rinneadh foráil le reachtaíocht a ritheadh sa bhliain 1889 maidir le cúnamh stáit ar mhodh deontais nó iasachta do chuideachtaí iarnróid a raibh líne ar oscailt le haghaidh tráchta acu, rud a d’fhág go raibh ar Oifig na nOibreacha Poiblí airleacain a dhéanamh as airgead a bhí ar fáil acu le haghaidh iasachtaí áitiúla. Le reachtaíocht eile a ritheadh sa bhliain 1896, ceadaíodh d’Oifig na nOibreacha Poiblí, ach cead an Chisteáin a bheith faighte, iarnród a thógáil, nó conradh a dhéanamh chun iarnród a thógáil, i gcontaetha ceantair chúing.
Ábhair chartlainne Oifig na nOibreacha Poiblí a úsáid
Cuimsíonn ábhair chartlainne Oifig na nOibreacha Poiblí páipéir mharthanacha (comhaid, imleabhair cheangailte, léarscáileanna agus pleananna) a bhailigh Oifig na nOibreacha Poiblí le linn a gnó a chur i gcrích, mar a thuairiscítear go hachomair thuas, ón tráth ar bunaíodh í sa bhliain 1831 agus, i roinnt cásanna, tá páipéir ann a fuarthas mar oidhreacht ó na comhlachtaí ar ghlac sí a gcuid feidhmeanna chuici féin. Síneann an chuid is mó de na hábhair chartlainne atá ann i mbailiúchán Oifig na nOibreacha Poiblí ón 19ú haois go dtí tuairim is an bhliain 1935. Tá os cionn dhá mhíle imleabhar ceangailte agus roinnt mílte doiciméad ann sa bhailiúchán.
Córas eagraithe na nÁiseanna Aimsithe
Tá liostaí ábhair chartlainne Oifig na nOibreacha Poiblí curtha in eagar de réir na bhfeidhmeanna atá comhlíonta ag an gcomhlacht sin ón tráth ar bunaíodh í sa bhliain 1831, is é sin, de réir na scéime seo a leanas:
- Foirgnimh
- Céanna agus Cuanta
- Iarnróid
- Bóithre
- Séadchomharthaí Náisiúnta
- Loingseoireacht Intíre
- Siltean
Tá an bailiúchán curtha in eagar de réir na gcód tagartha sraithe seo a leanas. Faoi láthair níl bailiúchán Oifig na nOibreacha Poiblí, diomaite de shraith OPW/5HC de líníochtaí ailtireachta, inchuardaithe sa chatalóg ar líne. Tá áiseanna aimsithe cruachóipe ar fáil sa Seomra Léitheoireachta.
- OPW/1: Leabhair Mhiontuairiscí agus Leabhair Litreacha (atá á gcoimeád in áit stórála ar shiúl ón láithreán)
- OPW/2: Leabhair Chuntas Airgeadais (atá á gcoimeád in áit stórála ar shiúl ón láithreán)
- OPW/3: Tuarascálacha Innealtóireachta
- OPW/4: Imleabhair Cheangailte a bhaineann le gach ábhar
- OPW/5: Páipéir Chláraithe Réamh-1935
- OPW/5/HC: Líníochtaí ailtireachta agus innealtóireachta
- OPW 5HC/1: Foirgnimh phoiblí i mBaile Átha Cliath
- OPW 5HC/2: Foirgnimh i bPáirc an Fhionnuisce
- OPW 5HC/3: An tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann
- OPW 5HC/4: Foirgnimh eile faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
- OPW 5HC/6: Bóithre, Droichid, Canálacha, Siltean agus Loingseoireacht
- OPW/6: Éilimh maidir le cúiteamh i leith maoine
- OPW/7: Páipéir neamhchláraithe a bhaineann le gach ábhar
- OPW/8: Déantar ábhar a bhaineann le déanmhais mhuirí (OPW 8/KIN (foshraith OPW 8 Kingstown) a cheadú trí úsáid a bhaint as cárta-innéacs i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta)
- OPW/9: Comhaid Chláraithe Iar-1935 a bhaineann le gach ábhar
- OPW/10: Taifid de chuid Chuideachta Chanáil Laighean
Déantar sraitheanna OPW/1 agus OPW/2 a choimeád in áit stórála ar shiúl ón láithreán agus ní bheidh siad ar fáil go dtí an lá oibre dár gcionn má lorgaítear iad i bpearsa nó beidh siad ar fáil laistigh de thrí lá oibre má lorgaítear le ríomhphost iad. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil in Ábhair chartlainne a ordú roimh ré.
Acmhainní Breise Ar Líne
‘The archives of the Office of Public Works and their value as a source for local history’, le Rena Lohan.
‘Sources in the National Archives for researching the Great Famine’, le Marianne Cosgrave, Rena Lohan agus Tom Quinlan (codanna 1 agus 2).