Is foinse thábhachtach iad ábhair chartlainne na hÉireann d’Astrálaigh a bhfuil taighde á dhéanamh acu faoina gcuid sinsear a bhí ina ndaoránaigh Éireannacha.
Ach níl na taifid ar fad de chuid Oifig an Phríomh-Rúnaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar marthain, go háirithe taifid a bhaineann leis an tréimhse roimh an mbliain 1863.
Bhí ionnarbadh pionósach chun na hAstráile agus, níos déanaí, go Beirmiúda agus Giobráltar, ar siúl sa tréimhse ó 1791 go 1853; ina dhiaidh sin, cuireadh pianbhreith phríosúnachta in Éirinn in ionad pianbhreithe ionnarbtha phionósaigh.
Tá raon leathan taifead ag an gCartlann Náisiúnta maidir le hionnarbadh daoránach ó Éirinn go dtí an Astráil sa tréimhse ó 1788 go 1868 agus tá na taifid sin ar fáil ar an mBunachar maidir le hIonnarbadh. I roinnt cásanna, áiríonn na taifid sin tagairt do dhaoine de theaghlach an daoránaigh a ionnarbadh mar lonnaitheoirí saorálacha. Cé go mbaineann an bailiúchán achainíocha daoránaigh leis an tréimhse ar cuireadh tús le hionnarbadh ó Éirinn go dtí an Astráil sa bhliain 1791, díothaíodh na cláir go léir a bhaineann le hionnarbadh roimh an mbliain 1836 sa bhliain 1922. Dá bhrí sin, má ciontaíodh an duine a bhfuil taighde á dhéanamh agat ina leith roimh an mbliain 1836, ach nach raibh sé/sí ina ábhar/hábhar d’achainí, ní bheidh sé/sí san áireamh sa bhunachar sonraí seo ós rud é nach bhfuil na taifid ónar tiomsaíodh an bunachar sonraí ionnarbtha iomlán. D’fhéadfadh sé nach mbeidh i gceist le cuardach rathúil sna taifid ach achoimre lom oifigiúil ach, seachas sin, d’fhéadfadh sé go bhfaighfí ceann de na mílte achainíocha a thíolaic príosúnaigh nó a tíolacadh thar a gceann. Cuimsíonn na taifid a bhaineann le daoránaigh ionnarbtha an méid seo a leanas:
- Cláir Ionnarbtha, 1836-1857;
- Achainíocha agus Cásanna Príosúnach, 1788-1836;
- Achainíocha Príosúnach Stáit, 1798-1799;
- Comhaid Tagartha Daoránach, 1836-1856: 1865–1868;
- Páipéir maidir le Lonnaitheoirí Saorálacha, 1828-1852; (f) Clár na nDaoránach Fireann, 1842-1847;
- Clár na nDaoránach ar Longa Daoránach, 1851-1853.
Tá sé ceaptha go mbeidh innéacs bhunachar sonraí na dtaifead ionnarbtha inchuardaithe de réir sloinne ach is féidir cuardach a dhéanamh ann freisin de réir ionad na trialach, de réir na coire nó de réir an dáta. Tá micreascannáin ina bhfuil cóipeanna iomlána de na taifid ar fáil sa Seomra Léitheoireachta agus tá an t-innéacs agus na micreascannáin ar fáil i leabharlanna stáit san Astráil freisin. Má éiríonn leis an gcuardach sa bhunachar sonraí ionnarbtha agus sna micreascannáin, d’fhéadfadh sé go bhfuil dóthain faisnéise ann chun an cuardach a shaothrú i bhfoinsí eile de chuid na Cartlainne Náisiúnta, lena n-áirítear Páipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí, ina gcuimsítear Tuairiscí Uafáis, nó i nuachtáin a choimeádtar i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Cad a bhí i gceist leis an gcóras ionnarbtha agus cathain a cuireadh tús leis?
Ní léir cén fáth go díreach ar cuireadh tús le hionnarbadh a úsáid mar phionós i leith coireachta, ach is cosúil gur forbraíodh é sa séú haois déag agus sa seachtú haois déag mar thoradh ar ghá le deireadh a chur le nithe a measadh ina leith gur nithe díchobhsaithe iad i measc grúpaí áirithe de chuid na sochaí. I rith an ochtú haois déag, bhíothas ag teacht ar an tuairim go raibh pionós an bháis róthrom le haghaidh mórchionta áirithe agus d’éirigh ionnarbadh coitianta mar mhodh chun an phianbhreith sin a mhaolú. Cé is moite de choireanna an-tromchúiseach, rinneadh ionnarbadh a chur in ionad phionós an bháis de ghnáth. Tar éis Chogadh na Saoirse i Meiriceá, ghlac New South Wales ionad Mheiriceá Thuaidh mar choilíneacht phionóis agus, de ghnáth, ghlac pianbhreith ionnarbtha ionad phionós an bháis.
An bhfuil taifid ag an gCartlann Náisiúnta a bhaineann le hionnarbadh daoránach Éireannach chuig cinn scríbe eile?
Sna taifid atá ar marthain sa Chartlann Náisiúnta, faightear faisnéis faoi ionnarbadh daoránach Éireannach chuig coilíneachtaí pionóis san Astráil agus sa Tasmáin go príomha agus chun na nIndiacha Thiar sna blianta deiridh ina raibh an córas ionnarbtha daoránach á oibriú. Ach tá sraith bheag doiciméad ann, is é sin, Achainíocha ó Phríosúnaigh Stáit, agus áirítear inti doiciméid a bhaineann le daoine a ionnarbadh nó a díbríodh go Meiriceá Thuaidh nó a roghnaigh dul isteach in airm choigríche san Eoraip tar éis iad a bheith bainteach le himeachtaí le linn Éirí Amach 1798.
Cathain a cuireadh tús le hionnarbadh daoránach ó Éirinn chun na hAstráile agus cá fhad a mhair an córas ionnarbtha daoránach?
Cuireadh tús le hionnarbadh daoránach ó Éirinn chun na hAstráile nuair a d’fhág an chéad lán loinge de dhaoránaigh Éire ar a bealach chun New South Wales ag tús mhí Aibreáin sa bhliain 1791. Roimhe sin, rinneadh daoránaigh a ionnarbadh go Meiriceá Thuaidh ach scoireadh den ionnarbadh chuig an gceann scríbe sin tar éis Chogadh na Saoirse i Meiriceá. Scoireadh de dhaoránaigh a ionnarbadh ó Éirinn chun na hAstráile sa bhliain 1853, rud a tharla go háirithe mar thoradh ar mhíshástacht na gcoilíneach a mheas gurbh ionann úsáid leantach na hAstráile mar choilíneacht phionóis agus díspreagadh i leith inimirce lonnaitheoirí saorálacha. Eisceacht i dtaca leis sin de ab ea ionnarbadh daoine a bhí bainteach le hÉirí Amach na bhFíníní sa bhliain 1867.
Conas is féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil faoi thriail agus faoi chiontú duine de mo chuid sinsear a bhí ina dhaoránach/daoránach?
Rinneadh an chuid is mó de na taifid a bhaineann le cúrsaí ionnarbtha a dhíothú de bharr dóiteáin agus pléascadh in Oifig Thaifead Poiblí na hÉireann le linn Chogadh Cathartha na hÉireann sa bhliain 1922. Ach foilsíodh tuairiscí faoi roinnt trialacha i nuachtáin áitiúla agus is féidir cuid mhór díobh sin a aimsiú i mbailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2. Níl aon chóipeanna de nuachtáin ag an gCartlann Náisiúnta i measc a cuid bailiúchán.
An bhfuil aon tuairiscí póilíneachta ann maidir leis an gcoir a rinne mo shinsir?
Tá tuairiscí faoi choireanna ann i gcartlann Oifig an Phríomh-Rúnaí agus d’fhéadfadh faisnéis faoi choir dhaoránaigh a bheith ann i measc na dtuairiscí sin. Chun faisnéis faoi dhaoránach ar leith a aimsiú, áfach, d’fhéadfadh leibhéal taighde a bheith ag teastáil nach féidir leis an gCartlann Náisiúnta tabhairt faoi thar ceann comhfhreagraithe agus ní mór do dhaoine taighde a dhéanamh sna taifid sin go pearsanta nó ní mór dóibh taighdeoir gairmiúil a choimisiúnú chun an obair a dhéanamh thar a gceann.
Conas is féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil faoi phríosúnú mo shinsir?
Tá mionsonraí faoi dhaoránaigh le fáil i gcláir de chuid príosúin áitiúla, iostaí daoránach agus príosúin daoránach ach tá difríochtaí ann maidir leis an leibhéal mionsonraí atá ann sna cláir sin. Mar shampla, tá thart ar 3,500 iontráil ann i gclár iosta na ndaoránach baineann i nGráinseach Ghormáin agus clúdaíonn an clár sin an tréimhse ón 11 Iúil 1840 go dtí an 22 Nollaig 1853. I measc na mionsonraí a bhíonn ann i gcláir príosún áitiúil áirítear faisnéis a bhaineann le daoine ar gearradh pianbhreith ionnarbtha orthu. Chun faisnéis faoi dhaoránach ar leith a aimsiú, áfach, d’fhéadfadh leibhéal taighde a bheith ag teastáil nach féidir leis an gCartlann Náisiúnta tabhairt faoi thar ceann comhfhreagraithe agus ní mór do dhaoine taighde a dhéanamh sna taifid sin go pearsanta nó ní mór dóibh taighdeoir gairmiúil a choimisiúnú chun an obair a dhéanamh thar a gceann.
Conas is féidir liom ainm na loinge ar ionnarbadh an sinsear de mo chuid a bhí ina dhaoránach/daoránach uirthi a aimsiú?
Is minic atá ainm na loinge ar ionnarbadh daoránach uirthi taifeadta sa chlár ionnarbtha agus i gcás nach dtaifeadtar an fhaisnéis sin d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le taighde i bhfoinsí eile chun teacht ar ainm na loinge. Pointe tosaithe maith i leith an taighde sin is ea foilseachán dar teideal The Convict Ships, le Charles Bateson (Glasgow, 1969), ina liostaítear longa a d’fhág an Bhreatain Mhór agus Éire, agus ina dtaifeadtar faisnéis amhail dátaí dul i dtír san Astráil agus sa Tasmáin.
Ar ionnarbadh leanaí?
Tá fianaise ann a léiríonn gur gearradh pianbhreith ionnarbtha ar leanaí chomh hóg le 12 bhliain d’aois tar éis iad a chiontú. De bhreis air sin, ligeadh do leanaí daoránach baineann taisteal in éineacht lena máithreacha mar lonnaitheoirí saorálacha agus tá cásanna ann inar ligeadh do leanaí daoránaigh fhirinn taisteal in éineacht leis. Cé gur cosúil nach raibh aon bheartas soiléir ann maidir le ligean do leanaí taisteal in éineacht le tuismitheoir a bhí ina dhaoránach/daoránach, d’fhéadfadh sé gurbh é ba chúis leis an easpa beartais oifigiúil shainithe ná gur oir sé do na húdaráis an oiread leanaí agus ab fhéidir a chur in éineacht lena dtuismitheoirí a bhí ina ndaoránaigh le nach dtiocfaidís chun bheith ina n-ualach ar chóras dhlí na mbocht. Ba é a bhí san ábhar imní ba mhó a bhí ag na húdaráis ná déileáil leis na leanaí ar an mbealach ba shaoire ab fhéidir, cibé acu ar bord loinge nó ar shlí eile.
An ndeachaigh aon longa ionnarbtha daoránach go tóin poill le linn an turais?
Soláthraíonn The Convict Ships, le Charles Bateson (Glasgow, 1969), cur síos cuimsitheach ar na turais, lena n-áirítear dátaí imeachta agus dátaí dul i dtír longa ionnarbtha na ndaoránach a chuaigh chun farraige ón mBreatain Mhór agus ó Éirinn.
Is féidir liom contae dúchais mo shinsir a shainaithint ó fhoinsí eile. Conas is féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil faoi mo shinsear agus faoina theaghlach/teaghlach?
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Taighde a dhéanamh ar Stair Theaghlaigh le do thoil.
Cá háit inar féidir liom faisnéis a fháil faoi chóras ionnarbtha na ndaoránach Éireannach?
Tá forléargas ar an gcóras ionnarbtha agus tuairiscí ar fhoinsí marthanacha cartlainne ina ndéantar cur síos ar oibriú an chórais agus ar ionnarbadh daoránach ar leithligh le fáil sna hailt atá liostaithe anseo thíos.
‘Sources in the National Archives for research into the transportation of Irish convicts to Australia (1791-1853)’ le Rena Lohan.
‘The Registered Papers of the Chief Secretary’s Office’ le Tom Quinlan.