Taifid stairiúla

Treoir maidir le bailiúcháin eastát talún

Tá taifid eastát talún i measc na bhfoinsí ábhar cartlainne is saibhre dá bhfuil ar fáil do staraithe a bhfuil spéis acu i staidéar ar stair áitiúil nó ar stair shóisialta. Cé nach bhfuil gach uile thaifead eastáit ar marthain, nó ar fáil don phobal, is minic a sholáthraíonn na bailiúcháin sin mionsonraí faoi dhaoine aonair nach bhfuil ar fáil in aon taifead eile de chineál oifigiúil. Is ábhair chartlainne phríobháideacha iad bailiúcháin eastát talún agus is de rogha an úinéara atá sé rochtain orthu a thabhairt mura rud é go bhfuil an bailiúchán lena mbaineann taiscthe i dtaisclann ábhar cartlainne nó ceannaithe ag taisclann den sórt sin.

Bíonn cineálacha éagsúla ábhar cartlainne ann i mbailiúcháin eastát talún:

Léasanna

Is é atá i léasanna ná na doiciméid dhlíthiúla lena rialáiltear an ré ar lena linn a shealbhaíonn tionónta tailte; de ghnáth is tréimhse blianta nó líon áirithe saol a bhíonn i gceist. Ina theannta sin, áiríonn siad mionsonraí faoin méid talún a shealbhaítear, an cíos atá le híoc gach bliain agus aon choinníollacha eile a bhaineann le léasú na maoine. Bíonn léarscáileanna nó sracphleananna den mhaoin atá le ligean ar cíos i gceangal leis an léas uaireanta agus, le go mbeidh an léas bailí, ní mór sínithe nó marcanna fianaithe na rannpháirtithe go léir a bheith ar na doiciméid agus séalaí greamaithe díobh.

Cíosanna nó Cíosrollaí

Soláthraíonn cíosanna nó cíosrollaí mionsonraí faoi chuntais rialta an chíosa atá le

híoc nó atá íoctha ag na tionóntaí ar eastát. Ina theannta sin, áiríonn siad na coinníollacha a ghabhann le haon chíos atá le híoc.

Léasleabhair

I gcás nach bhfuil mionsonraí faoi na téarmaí ar dá réir a shealbhaigh tionóntaí a dtalamh ar fáil i gcíosrollaí, d’fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith ar fáil i léasleabhair nó i mbailiúcháin ina gcuimsítear léasanna bunaidh.

Comhfhreagras

Is féidir le comhfhreagras, go háirithe comhfhreagras idir tiarna talún agus a ghníomhaire, léargais a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le bainistiú eastáit, ar chaidreamh idir an tiarna talún agus na tionóntaí, agus ar dhálaí eacnamaíochta agus sóisialta i gcoitinne. Ó am go ham, dhréachtaigh gníomhaire, nó saineolaí a sainchoimisiúnaíodh, tuarascáil faoin riocht ina raibh eastát ar leith, agus moltaí inti maidir le feabhsúcháin a dhéanamh.

Léarscáileanna d’eastáit

Is minic a bhíonn léarscáileanna lámhscríbhinne d’eastáit ann i mbailiúcháin eastáit talún, ar lámhscríbhinní iad a bhaineann leis an tréimhse sula ndearna an tSuirbhéireacht Ordanáis léarscáiliú sibhialta ar an tír ag tús an 19ú haois. I roinnt cásanna, tá faisnéis an-mhionsonraithe ann sna léarscáileanna eastáit sin, is é sin, faisnéis faoi shealbhú talún agus úsáid talún, agus d’fhéadfadh sé, i gcás cuid mhór de na léarscáileanna sin, go mbeadh ainmneacha páirceanna agus ainm na dtionóntaí a raibh na páirceanna ligthe ar cíos dóibh iontu, mar aon le hainmneacha na dtionóntaí i míreanna tadhlacha talún. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh mionsonraí sonracha a bheith ann sna léarscáileanna faoin diméin agus faoi theach na diméine, mar aon le léiriú ar phlandáil crann agus bláthanna/tor.

Tá roinnt bailiúchán suntasach eastát talún ag an gCartlann Náisiúnta. Tá cuid mhór eile ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus ag Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste.

I measc na mbailiúchán eastát talún is suntasaí dá bhfuil ag an gCartlann Náisiúnta áirítear an méid seo a leanas:

Conas tús a chur le taighde agus bailiúcháin eastáit á n-úsáid

Chun tús a chur le húsáid na mbailiúchán eastáit, is gá a bheith ar an eolas faoin limistéar inar shealbhaigh duine aonair nó teaghlach tionacht. Níl na bailiúcháin eastáit go léir ar marthain anois nó d’fhéadfadh cuid díobh a bheith i seilbh daoine de chuid teaghlach talún nó i seilbh ionadaí dlíthiúil dá gcuid, amhail aturnae nó gníomhaire talún. Is bailiúcháin phríobháideacha na hábhair chartlainne seo agus d’fhéadfadh sé tarlú nach dtabharfar rochtain orthu do thaighdeoirí.

Tá bailiúcháin eastáit a choimeádann an Chartlann Náisiúnta agus atá catalógaithe ar fáil do thaighdeoirí sa Seomra Léitheoireachta. Ó am go chéile, d’fhéadfadh sé go sonróidh taisceoir, mar chuid den chomhaontú maidir le taisceadh, go bhfuil cuid den bhailiúchán, an comhfhreagras is déanaí b’fhéidir, le coimeád dúnta go ceann tréimhse shonraithe. Beidh aon srianta ar rochtain le feiceáil ar an leathanach tosaigh den áis aimsithe.

Conas a fhaighim amach cén t-eastát a raibh cónaí ar mo shinsir air?

Bhí líon iolrach eastát talún ann i roinnt limistéar de chuid na tíre. D’fhéadfadh sé go ndearnadh na heastáit is mó a fhoroinnt thar am mar chuid de shocraíochtaí pósta agus díoladh roinnt eastát go háirithe sa tréimhse idir lár agus deireadh an 19ú haois. Chun aon pháipéir mharthanacha eastáit a aimsiú, is gá ainmneacha an oiread úinéirí áitiúla talún agus is féidir a bheith ar eolas agat. Is féidir an t-eolas sin a fháil ó eolairí tráchtála agus ó fhoinsí priontáilte eile agus ón Luacháil Phríomha. Tá innéacsú déanta in Hayes’s Manuscript Sources for the History of Irish Civilisation ar thaifid a choimeádtar i dtaisclanna de chuid na hÉireann agus i dtaisclanna in áiteanna eile. Beidh gá le seiceáil a dhéanamh freisin sna haiseanna aimsigh dar teideal ‘Ilghnéitheach’, ‘Gníomhais Réamh-1708’ agus ‘Léarscáileanna agus Cíosrollaí Eastáit’ (‘Miscellaneous’, ‘Pre-1708 Deeds’, agus ‘Estate Maps and Rentals’) chun na sealbhúcháin is nua-aimseartha a aimsiú. Maidir le hábhar atá á choimeád go príobháideach fós, is é atá sa treoir is fearr ná na tuarascálacha ar an suirbhé ar dhoiciméid atá á gcoimeád go príobháideach agus tá an treoir sin ar fáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann , ar doiciméid iad atá liostaithe in Hayes’s Manuscript Sources for the History of Irish Civilisation, atá ar fáil ar líne ag sources.nli.ie.

Conas a dhéanaim cuardach sna bailiúcháin eastáit atá á gcoinneáil sa Chartlann Náisiúnta?

Tá roinnt liostaí pdf ann a bhaineann leis na bailiúcháin eastáit is mó agus tá siad sin ar fáil ar láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta. Maidir leis na háiseanna aimsithe a bhaineann leis na bailiúcháin eile a choimeádann an Chartlann Náisiúnta, níl siad ar fáil do thaighdeoirí ach amháin sa Seomra Léitheoireachta agus níl teacht orthu ar líne faoi láthair. San am atá caite, bhíodh an réimír D ag gabháil le Gníomhais agus bhíodh an réimír M ag gabháil le hábhar Ilghnéitheach sna bailiúcháin eastáit ach ina dhiaidh sin cuireadh an réimír 999 ag gabháil le bailiúcháin bheaga agus cuireadh an réimír 1000+ ag gabháil le bailiúcháin mhóra. Ó bhí an bhliain 1996 ann, tá uimhir na bliana ina bhfuarthas an sealbhúchán á húsáid mar réimír a ghabhann le bailiúcháin eastáit. D’fhéadfadh sé nach bhfuil ach ítim nó dhó ann i gcuid de na bailiúcháin is lú.

Foinsí eile le haghaidh bailiúcháin eastáit

Cé go bhfuil roinnt bailiúchán eastáit suntasach ag an gCartlann Náisiúnta, tá tromlach na mbailiúchán marthanach á gcoimeád i dtaisclanna eile, lena n-áirítear Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (www.nli.ie) agus in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann (www.nidirect.gov.uk/proni). D’fhéadfadh Bunachar Sonraí na nEastát Talún, atá á óstáil ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bheith úsáideach i dtaca le bailiúcháin mharthanacha chartlainne a aimsiú nó i dtaca le hainm teaghlaigh a chinneadh (www.landedestates.ie).

Ní mór a chuimhneamh freisin go raibh cuid mhór de na heastáit talún a bhí ann in Éirinn ina gcodanna d’eastáit níos mó de chuid tiarnaí talún neamhchónaitheacha. Tá cuid mhór bailiúchán eastáit a bhaineann le hÉireann le fáil i bhfoirm páipéir i gcartlanna príobháideacha de chuid teaghlaigh uasaicmeacha sa Ríocht Aontaithe. Chun tuilleadh faisnéise faoi fhoinsí a bhaineann le hÉirinn agus atá ar fáil i dtaisclanna cartlainne sa Bhreatain, féach www.irishhistoryonline.ie agus www.nationalarchives.gov.uk.

Card image cap

19.03.20

Treoir maidir le hábhair chartlainne an Oifig Luachála
Ba é a bhí i luacháil na hÉireann ná suirbhéireacht chadastrach a rinneadh ar mhaithe le cáin a thobhach ar...

Treoirleabhair & foinsí taighde

Card image cap

19.03.11

Páipéir Hilda Tweedy (Irish Housewives Association)
The Irish Housewives Association (IHA) was formed in 1942, with the objective of gaining recognition for the right of housewives...

Treoirleabhair & foinsí taighde

Card image cap

19.03.11

The Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers
The first committee meeting of the Joint Committee of Women’s Societies and Social Workers was held in March 1935, at...

Treoirleabhair & foinsí taighde