Ginealas

Uachtanna agus riaracháin

Chun dlíthiúlacht uachta duine éagtha a chinntiú, ní mór do na cúirteanna deonú probháide a dhéanamh. Mar chuid den phróiseas sin, taisctear an uacht bhunaidh leis na cúirteanna. Má fhaigheann duine bás ina dhíthiomnóir/díthiomnóir, is é sin, gan uacht a dhéanamh, is féidir leis na cúirteanna litreacha riaracháin a dheonú ar mhaithe le diúscairt an eastáit.

Roimh an mbliain 1858, is iad cúirteanna Eaglais na hÉireann, arbh í an eaglais bhunaithe Stáit í, a rinne deonú probháide agus riaracháin. Ba iad na cúirteanna sin an Chúirt Sainphribhléide agus na cúirteanna éagsúla deoise nó comhshuímh. Tá innéacsanna ar leithligh ann de na huachtanna agus de na riaracháin a bhaineann le gach cúirt ar leith agus tá siad ar fáil chun cuardach a dhéanamh iontu ar mhicreascannán sa Seomra Léitheoireachta. Tá roinnt de na hinnéacsanna sin foilsithe. Maidir leo sin, is iad na cinn is tábhachtaí Innéacs an Bhiocáire maidir le hUachtanna Sainphribhléide 1536-1810 agus na hInnéacsanna a ghabhann le Leabhair Deonachán agus Uachtanna Bhaile Átha Cliath 1270-1800, Innéacs na nUachtanna agus na gCeadúnas Pósta do Dheoise Bhaile Átha Cliath suas go dtí an bhliain 1800 agus ó 1800 go 1858.

Ón mbliain 1858, is iad na cúirteanna sibhialta a rinne deonú probháide agus riaracháin: is é sin le rá, Príomhchlárlann agus Clárlann Cheantair na Cúirte Probháide roimh an mbliain 1877 agus na hArd-Chúirte ón mbliain 1877 ar aghaidh. Tá innéacsú déanta ar na deonuithe sin i bhFéilirí bliantúla na nUachtanna agus na Riarachán a chlúdaíonn an tréimhse 1858-1982 agus tá siad ar fáil sa seomra léitheoireachta.

Is féidir cuardach a dhéanamh sna féilirí (sna hinnéacsanna) ar líne. Ní féidir rochtain a fháil ar na doiciméid bhunaidh ar líne ach is féidir breathnú orthu i seomra léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta nó is féidir cóip a fháil ach táille a íoc agus an fhoirm Ordaithe Cóipe Tiomnaí a chomhlánú. Chun tuilleadh faisnéise maidir le cóip a ordú féach Cóipeanna d’ábhair chartlainne a fháil.

Maidir leis an tréimhse ó 1858 go 1917, clúdaíonn na féilirí Éire ina hiomláine. Tar éis na bliana 1918, clúdaíonn na féilirí na 26 chontae i bPoblacht na hÉireann agus tá innéacsanna a chlúdaíonn sé chontae Thuaisceart Éireann ar fáil in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann.

Tá digitiú déanta ar na féilirí tiomnacha atá ar fáil inár seomra léitheoireachta agus is féidir cuardach a dhéanamh iontu ar líne ar ár láithreán gréasáin ginealais, le haghaidh na mblianta 1858 go 1920, agus ar ár catalóg ar líne, le haghaidh na mblianta 1922-1982. Is féidir cuardach a dhéanamh de réir ainm an duine éagtha sa chatalóg ar líne le haghaidh na mblianta 1923-1951 agus 1983-1991.

Tá treoirleabhar maidir le cuardach a dhéanamh inár gcuid acmhainní ar líne i dtaca le huachtanna agus riaracháin ar fáil sa roinn den láithreán gréasáin dar teideal Treoir maidir le taifid thiomnacha a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta. Tá innéacsanna a chlúdaíonn sé chontae Thuaisceart Éireann, chomh maith le sraith eile innéacsanna iar-1858, ar fáil in Oifig Thaifead Poiblí Thuaisceart Éireann.

Card image cap

19.03.01

Tuairisceáin oifigiúla daonáirimh agus daonáirimh ionaid
Rinneadh daonáireamh córasach rialtais ar dhaonra na hÉireann uair amháin gach 10 mbliana ó 1821 go dtí 1911. Ní raibh...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Card image cap

19.03.01

Taifid maidir le hionnarbadh pionósach: ó Éirinn go dtí an Astráil, 1788-1868
Cé nach bhfuil na taifid ar fad ó Oifig an Phríomh-Rúnaí, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, go háirithe don tréimhse...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil

Card image cap

19.03.01

Taifid breitheanna, póstaí agus básanna
Cláir eaglaise agus phobalda maidir le baisteadh, pósadh agus adhlacadh Maidir leis an tréimhse sular cuireadh tús le clárú sibhialta...

Ar foinsí le haghaidh stair teaghlaigh agus áitiúil