Uachtanna saighdiúirí
Tá os cionn 9,000 uacht ag an gCartlann Náisiúnta, ar uachtanna iad a bhaineann le saighdiúirí neamhchoimisiúnaithe as an dá chontae is tríocha de chuid na hÉireann a throid in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Tá digitiú déanta ar an mbailiúchán ar fad agus tá sé ar fáil saor in aisce ar ár láithreán gréasáin ginealais.
Moladh do shaighdiúirí a bhí ag fónamh san arm uacht a dhéanamh le gurb amhlaidh, i gcás ina bhfaighidís bás, go mbeadh sé níos simplí a ngnóthaí a réiteach. I gcás nach raibh uacht déanta ag saighdiúir, nó i gcás inar cailleadh an uacht, ghlac Oifig an Chogaidh le litir uaireanta a bhí scríofa ag an saighdiúir agus inar luaigh sé na daoine ar theastaigh uaidh go bhfaighidís aon airgead nó maoin dá chuid. Ina theannta sin, bhíothas in ann litreacha a bhí scríofa tar éis bás saighdiúra ag a chomrádaithe, ag daoine dá theaghlach nó ag cairde dá chuid a thíolacadh d’Oifig an Chogaidh, ar litreacha iad inar fianaíodh gur luaigh an saighdiúir ina láthair na daoine ar theastaigh uaidh go bhfaighidís a ghiuirléidí.
Is féidir tagairt do chuid mhór díobh siúd a fuair bás a aimsiú i nDaonáirimh na mblianta 1901 agus 1911. Cuimsíonn láithreán gréasáin Choimisiún Uaigheanna Cogaidh an Chomhlathais ainmneacha gach duine de na saighdiúirí éagtha mar aon le taifid faoin áit inar adhlacadh iad nó ina ndéantar comóradh orthu ar leacht cuimhneacháin.