Eolas faoin gCartlann Náisiúnta
Bunaíodh an Chartlann Náisiúnta ar an 1 Meitheamh 1988 tar éis chónascadh Oifig na Stát-Pháipéar agus Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn.
Bunaíodh Oifig na Stát-Pháipéar sa bhliain 1702 mar thaisclann le haghaidh taifid a bhain le réimsí riaracháin na nArd-Leifteanant éagsúil (ionadaí an mhonairc Shasanaigh in Éirinn) ar thug gach duine díobh roimhe sin a gcuid taifead go léir leo nuair a scoir siad d’oifig a shealbhú. Bhí Oifig na Stát-Pháipéar lonnaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go dtí an bhliain 1900.
Bunaíodh Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn faoin Public Records (Ireland) Act 1867 chun taifid riaracháin, cúirte agus probháide a bhí ar marthain le níos mó ná fiche bliain a fháil. Urghabhadh foirgneamh Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn i rith an Chogaidh Chathartha. Mar thoradh ar dhóiteán i Meitheamh 1922, scriosadh foirgneamh na taisclainne, mar aon leis an gcuid is mó taifead a bhí ann ar bhain cuid acu le tréimhse chomh fada siar leis an 13ú haois.
Tar éis bhunú stát nua-aoiseach na hÉireann sa bhliain 1922, lean Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn agus Oifig na Stát-Pháipéar de bheith ag feidhmiú go dtí gur achtaíodh an tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986 lenar aistríodh feidhmeanna na nOifigí sin chuig an gCartlann Náisiúnta nua-bhunaithe. Faoin reachtaíocht sin, aistrítear taifid de chuid Ranna Rialtais agus a ngníomhaireachtaí chuig an gCartlann Náisiúnta tar éis iad a bheith ar marthain ar feadh tríocha bliain.
Sa bhliain 1989, chuir an Rialtas áitreabh ar Shráid an Easpaig i mBaile Átha Cliath ar fáil don Chartlann Náisiúnta. Fágadh áitreabh shean-Oifig na Stát-Pháipéar i dTúr na dTaifead i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Lúnasa 1991 agus aistríodh ceannoifig na Cartlainne Náisiúnta ó na Ceithre Cúirteanna go dtí Sráid an Easpaig i Meán Fómhair 1992.