Cad atá inár gcatalóg ar líne
Tá os cionn 2 mhilliún iontráil inár gcatalóg ar líne. Is é atá i gceist den chuid is mó:
- Taifid ó ranna rialtais
- Taifid chúirte nua-aimseartha i ndiaidh 1922
- Ábhar tiomnach amhail uachtanna
Conas teacht ar ábhar níos sine
Chun teacht ar ábhar ón 19ú haois agus ó thús an 20ú haois, ba chóir féachaint ar na catalóga cruachóipe sa Seomra Léitheoireachta. Áirítear leis sin taifid a aistríodh sular cruthaíodh an chatalóg ar líne.
I measc na gcatalóg chruachóipe sa Seomra Léitheoireachta tá:
- Luath-thaifid roinne
- Comhlachtaí poiblí amhail an tSuirbhéireacht Ordanáis, an Oifig Luachála agus Oifig na nOibreacha Poiblí
- Taifid chúirte níos sine
- Ábhar cartlainne de chuid Choimisinéirí an Oideachais Náisiúnta
- An chuid is mó de na bailiúcháin phríobháideacha agus ghnó
Conas an chatalóg ar líne a úsáid
Foghlaim conas an chatalóg ar líne a úsáid chun cuardach cuí a dhéanamh.
Cuardeach simplí
Bain úsáid as Cuardach Simplí chun focal nó téarma a chuardach ar fud na catalóige ar líne ar fad. Tá sé seo úsáideach más mian leat rud ar leith a fháil, amhail ‘Féilire na nUachtanna 1924’. Tabharfaidh an cuardach seo nasc chuig PDF duit den fhéilire nó innéacs de na huachtanna a bronnadh i 1924. Más mian leat cuardach níos mionsonraithe a dhéanamh nó má tá an téarma cuardaigh coitianta i roinnt ainmneacha comhad, bain úsáid as Cuardach Casta.
Cuardach casta
Bain úsáid as Cuardach Casta chun cuardach a dhéanamh sainiúil.
- Tosaigh trí chuardach a dhéanamh de réir ‘Teideal’ nó ‘Scóip agus Inneachar’
- Ansin, bain úsáid as na réimsí ‘Cód Tagartha’ nó ‘Cruthaitheoir Cartlainne’ nó ‘Bliain ó’ nó ‘Bliain go’ chun an cuardach seo a dhíriú ar ábhar ar leith
Cóid tagartha
Ní mór cód tagartha uathúil a bheith ag gach taifead a aistrítear chuig an gCartlann Náisiúnta. Is aitheantóir uathúil é seo do dhoiciméad aonair nó do shraith doiciméad gaolmhar. Cinntíonn sé sin slándáil doiciméad agus cuireann sé cosc ar dhúbláil. Is féidir le cód tagartha a bheith uimhriúil (uimhreacha amháin) nó alfa-uimhriúil (meascán d’uimhreacha agus de litreacha).
Cóid tagartha uimhriúla
Ó 2000 ar aghaidh, tá gach cód tagartha uimhriúil agus i dtrí chuid. Mar shampla, tagraíonn 2015/77/86 do chomhad 86 ó Oifig an Ard-Rúnaí chuig an Uachtarán, arbh é an 77ú haistriú chuig an gCartlann Náisiúnta é in 2015.
Cóid tagartha alfa-uimhriúla
D’fhéadfadh cóid alfa-uimhriúla a bheith ag ábhair níos sine. Mar shampla, tagraíonn CSO/RP/1822/17 do chomhad 17 ó Pháipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí don bhliain 1822.
Cuardach teidil
Baineann cuardach teidil le cuardach eochairfhocail ar theidil chomhaid. Déantar catalógú ar fhormhór na dtaifead sa Chartlann Náisiúnta de réir theideal an chomhaid. D’fhéadfadh ábhar, áit, nó ainm duine (go háirithe i dtaca le taifid thiomnacha) a bheith i gceist leis sin. Nuair nach bhfuil teideal comhaid ar eolas agat, smaoinigh ar an ainm a d’fhéadfaí a bheith air. Mar shampla, cén téarmaíocht a úsáideadh b’fhéidir nuair a cruthaíodh an taifead? Is minic a dtugann an téarmaíocht i dteidil chomhaid léargas ar chomhthéacs sóisialta agus polaitiúil an ama.
Cruthaitheoir cartlainne
Bain úsáid as an réimse seo chun an cuardach a dhíriú ar an eagraíocht a d’aistrigh an t-ábhar cartlainne. Coimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid ó ranna rialtais, ó chúirteanna agus ó chomhlachtaí poiblí éagsúla. Tá go leor bailiúchán gnó agus príobháideach againn freisin atá curtha i dtaisce ag daoine aonair agus ag comhlachtaí príobháideacha. Mar shampla, má tá comhad á lorg agat ó Roinn an Taoisigh, scríobh an t-ainm isteach sa réimse Cruthaitheoir Cartlainne chun do chuardach a chúngú.
Scóip agus Ábhar
Is cuardach eochairfhocal é seo ar an gcur síos mionsonraithe ar dhoiciméad. Soláthraíonn sé tuilleadh eolais faoina bhfuil ann agus is féidir leis cabhrú leis an gcuardach a bheachtú. Cabhróidh sé leat doiciméid a aimsiú nach mbeadh soiléir ó theideal an chomhaid amháin.
Feidhm dáta
Bliain ó agus Bliain go: Ligeann na réimsí seo duit taifid a chuardach laistigh de dhátaí ar leith ag baint úsáid as na roghanna seo a leanas:
Idir: Cuir isteach dátaí sna boscaí ‘ó’ agus ‘go’ chun taifid a chuardach laistigh den raon dátaí sin (m.sh., ‘1970–1980’). Ag baint úsáid as an roghchlár anuas is féidir na roghanna seo a leanas a roghnú:
- =: Cuardófar taifid ó bhliain ar leith (m.sh., ‘1975’)
- <: Cuardófar taifid roimh bhliain ar leith, gan an bhliain sin san áireamh (m.sh., má chuirtear ‘1975’ isteach cuardófar taifid roimh 1975)
- >: Cuardófar taifid tar éis bhliain ar leith, gan an bhliain sin san áireamh (m.sh., má chuirtear ‘1975’ isteach cuardófar taifid tar éis 1975)
- <=: Cuardófar taifid roimh bhliain ar leith agus bliain ar leith san áireamh (m.sh., má chuirtear ‘1975’ isteach cuardófar taifid suas go dtí 1975 agus an bhliain sin san áireamh)
- >=: Cuardófar taifid tar éis bhliain ar leith agus bliain ar leith san áireamh (m.sh., má chuirtear ‘1975’ isteach cuardófar taifid ó 1975 ar aghaidh)
Cuardach saoróige
Bain úsáid as réiltín (*) chun carachtair nó uimhreacha anaithnide a léiriú. Mar shampla, scríobh 2023/1/* i réimse cuardaigh an Chóid Tagartha chun féachaint ar thuairiscí comhaid aonair ar Roinn uile an Taoisigh: Comhaid de chuid na Príomh-Chlárlainne a aistríodh in 2023.