Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Tionscadal Taisclainne na Cartlainne

Tá 60 milliún taifead i seilbh na Cartlainne Náisiúnta faoi láthair, ón 14ú haois go dtí an lá atá inniu ann. Is mian linn a chinntiú go ndéanfar na taifid luachmhara seo a stóráil go sábháilte agus go mbeidh teacht orthu amach anseo.

URL copied to clipboard

An Stiúrthóir Orlaith McBride agus an Ceannasaí Seirbhísí Corparáideacha ag labhairt faoin bplean agus faoin obair atá ar bun.

Tá tús curtha anois le tionscadal mór lenár dtrádstóras stairiúil, an tseanmhonarcha brioscaí le W&R Jacob & Company, a athfhorbairt ina taisclann úrscothach.

Taisclann chartlainne a sheasfaidh an aimsir 

A bhuí leis an tionscadal €37 milliún seo, beifear in ann taifid an Stáit a chosaint sna blianta atá le teacht i bhfoirgneamh nua-aimseartha cartlainne, foirgneamh saintógtha de réir dearadh éighníomhach. 

Toilleadh stórála níos mó

Beidh an taisclann nua in ann glacadh le 250,000 bosca cartlainne. Nuair a chuirtear é sin leis na láithreacha stórála atá againn ar an láithreán, beimid in ann 600,000 bosca cartlainne a stóráil i láithreán na Cartlainne Náisiúnta ar Shráid an Easpaig.  

Agus an fairsingiú sin curtha i gcrích, beidh teacht i bhfad níos fearr ag taighdeoirí ar réimse níos leithne taifead toisc go mbeifear in ann níos mó ábhair a choinneáil ar an láthair agus an méid ábhair a choinneofar as an láthair a laghdú. Dá bharr sin, beidh taighdeoirí in ann teacht níos gasta ar bhailiúcháin agus taighde níos éifeachtaí agus níos cuimsithí a dhéanamh.

Maoiniú

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus á chur i ngníomh i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí.