Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Stair na Cartlainne Náisiúnta

Bunaíodh an Chartlann Náisiúnta an 1 Meitheamh 1988 tar éis chónascadh Oifig na Stát-Pháipéar agus Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn.

URL copied to clipboard

Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn: Scéal Foirgnimh – an Chartlann Náisiúnta

Bunaíodh Oifig na Stát-Pháipéar sa bhliain 1702, oifig inar ghnách taifid a thaisceadh a bhain le riaracháin Fhear Ionaid an Rí/na Banríona, an té a rinne ionadaíocht thar ceann mhonarc Shasana in Éirinn. Roimhe sin, ba nós le Fir Ionaid an Rí/na Banríona a dtaifid ar fad a thabhairt leo ar imeacht as oifig dóibh. Bhí Oifig na Stát-Pháipéar i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go dtí an bhliain 1990.

Nuair a bunaíodh stát nua na hÉireann sa bhliain 1922, lean Oifig na dTaifead Poiblí agus Oifig na Stát-Pháipéar i mbun gnóthaí go dtí gur achtaíodh an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986. Leis an acht seo, aistríodh freagrachtaí agus bailiúcháin an dá institiúid chun na Cartlainne Náisiúnta nuabhunaithe.

Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn

Cuireadh Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn ar bun faoin Public Records (Ireland) Act, 1867, chun taifid riaracháin, cúirteanna agus phrobháide a bhí os cionn fiche bliain d’aois a fháil. 

Gabhadh foirgneamh Oifig na dTaifead Poiblí sna Ceithre Cúirteanna i Meitheamh 1922 le linn Chogadh na gCarad. Loiteadh foirgneamh na taisclainne le tine mar aon le formhór na dtaifead, cuid acu a chuaigh chomh fada siar leis an 13ú haois.

<photo caption> Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn, an Maoinchiste Annála (ar dheis) agus na fuinneoga arda stuach air. Cartlann Náisiúnta na hÉireann.

<photo caption> Sa Seomra Cuardaigh. Cartlannaithe agus léitheoirí i mbun a gcuid oibre go ciúin. Cartlann Náisiúnta na hÉireann.

<photo caption> Sa Mhaoinchiste Annála. Baill foirne ag obair san aitriam ard agus solas ann tríd an díon fada gloine. Cartlann Náisiúnta na hÉireann.

 

Treoir do na taifid arna dtaisceadh in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn

Sa bhliain 1919, d’fhoilsigh Herbert Wood, Leas-Choimeádaí Cúnta na dTaifead, treoir chuimsitheach do na taifid a bhí taiscthe in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn. Áis ríthábhachtach atá sa Treoir seo ag taighdeoirí acadúla ionas gur féidir leo eolas a fháil ní hamháin ar na taifid a bhí ann sular loiteadh Oifig na dTaifead Poiblí le linn Chogadh na gCarad in 1922 ach, lena chois, ar na taifid a mhair.

Tá an Treoir digitithe anois agus is féidir í a íoslódáil ach cliceáil anseo:

Treoir Wood

Láithreán Shráid an Easpaig

Thug an Rialtas láithreán i Sráid an Easpaig i mBaile Átha Cliath don Chartlann Náisiúnta sa bhliain 1989. Fágadh an t-áitreabh in iar-Oifig na Stát-Pháipéar i dTúr na dTaifead i mBaile Átha Cliath in 1991. Aistríodh ceanncheathrú na Cartlainne Náisiúnta ó na Ceithre Cúirteanna go Sráid an Easpaig in 1992. 

Tá an foirgneamh ar an láithreán ar a raibh seanmhonarcha brioscaí na cuideachta Jacob’s, foirgneamh suntasach i mBaile Átha Cliath ó na 1850idí go dtí gur loiteadh i dtine é sa bhliain 1987. Ghlac garastún poblachtach seilbh air faoin gCeannfort Tomás Mac Donnchadha le linn Éirí Amach na Cásca in 1916. Duine eile den gharastún sin ab ea Peadar Ó Cearnaigh, an duine a chum na focail d’amhrán náisiúnta na hÉireann, ‘Amhrán na bhFiann’.