Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Ionad Náisiúnta Taighde agus Cuimhneacháin

Láithreán coinsiasa a bheidh san Ionad Náisiúnta Taighde agus Cuimhneacháin. Ionad cuimhneacháin náisiúnta a bheidh ann chun an urraim chéanna a thabhairt do dhaoine a raibh cónaí orthu in árais máithreacha agus naíonán, scoileanna saothair, scoileanna ceartúcháin, Neachtlanna Maighdilíneacha agus institiúidí eile den chineál sin.

Beidh an tIonad ar an láithreán ar a raibh an Neachtlann Mhaighdilíneach i Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé beartaithe gur seo a leanas a bheidh san ionad:

  • Ionad taighde agus taisclann do thaifid a bhaineann leis an tráma institiúideach san fhichiú haois agus a bheidh mar chuid den Chartlann Náisiúnta
  • Músaem agus spás taispeántais, an fhorbairt orthu á treorú ag Ard-Mhúsaem na hÉireann
  • Áit mhachnaimh agus mheabhrúcháin

Istigh mar chuid de na pleananna don Ionad Náisiúnta, beidh taisclann agus seomra léitheoireachta ag an gCartlann Náisiúnta ar an láithreán i Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada. Dara láithreán den Chartlann Náisiúnta a bheidh sa tsaoráid, beidh sí á rialú faoin reachtaíocht chéanna agus is baill foirne ón gCartlann Náisiúnta a dhéanfaidh í a riar.

Tá sé beartaithe gur cartlann speisialaithe a bheidh sa tsaoráid seo, laistigh den Chartlann Náisiúnta trí chéile, ina ndéanfar taifid a chaomhnú agus a chur ar fáil lena n-iniúchadh, na taifid sin bainteach le ról an Stáit i bhfeidhmiú agus maoirseacht réimse leathan institiúidí in Éirinn san fhichiú haois, agus taifid ó Choimisiúin éagsúla agus comhlachtaí eile arna gcur ar bun ag an rialtas le 20 bliain anuas. 

Beidh cineálacha éagsúla taifead sa chartlann, comhaid bheartais agus cáschomhaid ina measc. Cuirtear comhaid bheartais ar fáil go hiondúil sa Chartlann Náisiúnta agus iad tríocha bliain d’aois, ach cúrsaí níos casta má bhíonn cáschomhaid i gceist toisc go mbíonn faisnéis phearsanta iontu. 

Faoin reachtaíocht reatha atá againn, is gá aon taifid a aistrítear chun na Cartlainne Náisiúnta a eisiúint don phobal i gcoitinne. Tuigimid go mb’fhéidir nach mbeadh an socrú sin oiriúnach do na taifid ar fad atá le stóráil san Ionad Náisiúnta. Tá an cheist á cíoradh ag Foghrúpa Dlí agus Reachtaíochta a cuireadh ar bun chun cúiseanna imní maidir le rochtain agus cosaint sonraí a scrúdú agus chun moltaí a dhéanamh i dtaobh an dlí a athrú nuair is gá. 

Stádas reatha an tionscadail

Tá na príomhranna agus gníomhaireachtaí a bhfuil taifid iomchuí ina seilbh sonraithe ag an gCartlann Náisiúnta agus tá iniúchadh a dhéanamh ar na taifid seo. Tá bonn eolais curtha ar fáil ag an obair sin faoi phlean iomlán an tionscadail. Tá tús áite tugtha do ranna a bhfuil riaráistí de thaifid stairiúla acu a bhaineann le haidhmeanna an Ionaid Náisiúnta. Bíodh sin mar atá, tiocfaidh forbairt ar an tionscadal agus creidtear go dtiocfaidh athrú ar na tosaíochtaí seo chun teacht leis na moltaí ón bhFoghrúpa Dlí agus Reachtaíochta, athruithe don reachtaíocht um Chartlann Náisiúnta ina measc. 

Tá foireann shonraithe de chartlannaithe a bhfuil taithí chuí acu curtha ar bun sa Chartlann Náisiúnta agus ag obair faoi láthair le ranna rialtais áirithe chun taifid a shonrú agus a ullmhú lena n-aistriú chun na Cartlainne Náisiúnta sula n-osclófar an tIonad Náisiúnta. 

Taifid ábhartha atá sa Chartlann Náisiúnta cheana féin. 

Níor aistríodh aon taifid a sonraíodh san iniúchadh tosaigh chun na Cartlainne Náisiúnta fós, ach seo na taifid atá inár seilbh faoi láthair: 

  • Taifid de chuid na Roinne Sláinte
  • Taifid de chuid na Roinne Dlí agus Cirt
  • Taifid de chuid na Roinne Oideachais
  • Taifid de chuid Roinn an Taoisigh
  • Taifid de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha
  • Bailiúcháin phríobháideacha, bailiúcháin ó ospidéil san áireamh 
  • Taifid an Bhoird Bardachta

Tá tuilleadh eolais faoi thionscadal an Ionaid Náisiúnta ar fáil ach cliceáil anseo.

gov.ie – Ionad Náisiúnta Taighde agus Cuimhneacháin