Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Struchtúr Eagraíochtúil

Tá an Chartlann Náisiúnta faoi rialú agus faoi bhainistiú an Stiúrthóra, arna cheapadh ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus freagrach don Aire sin.

URL copied to clipboard

An Stiúrthóir

Tá Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta freagrach as forbairt straitéiseach agus bainistiú oibríochtúil na Cartlainne Náisiúnta

Ina theannta sin, tá dualgais reachtúla ar an Stiúrthóir faoi théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986, i dtaca le caomhnú taifead, agus fáil a bheith orthu lena n-iniúchadh, chomh maith le haistriú agus scrios taifead. Is ball de Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus den Chomhairle um Fhorais Chultúir Náisiúnta í an Stiúrthóir agus déanann sí ionadaíocht thar ceann na hÉireann in imeachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta.

Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta: Orlaith McBride

Seirbhísí Corparáideacha agus Airgeadais

Tá na Seirbhísí Corparáideacha freagrach as na feidhmeanna don rialachas corparáideach agus don tseirbhís oifige a bhaineann leis an gCartlann Náisiúnta a riar, obair a chuimsíonn forbairt agus feidhmiú beartas agus nósanna imeachta don rialachas corparáideach agus bainistíocht riosca. 

Ina theannta sin, déanann an t-aonad seo maoirseacht ar an tslí a ndéantar stóráil ábhair cartlainne a bhainistiú sa Chartlann Náisiúnta. I measc na bhfreagrachtaí atá ann, bítear ag obair chun ábhar cartlainne a dhaingniú sna cúinsí is fearr agus is féidir, sonraí beachta a choinneáil chun doiciméid a fháil arís agus nuair a bhogtar ábhar cartlainne ón Seomra Léitheoireachta agus ar ais chuige a bhainistiú.

Tá na Seirbhísí Airgeadais freagrach as bainistiú a dhéanamh ar phróiseáil agus tuairisciú íocaíochtaí buiséid na Cartlainne Náisiúnta, i gcomhréir le ceanglais na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Ceann an Aonaid: David Noonan, Príomhoifigeach Cúnta


Seirbhísí Poiblí agus Bailiúcháin

Cuireann aonad na Seirbhísí Poiblí agus na mBailiúchán seirbhísí tábhachtacha ar fáil chun tacú le taighdeoirí agus cúram a dhéanamh de na taifid atá faoinár gcúram.  Tá na seirbhísí seo ceaptha le go mbeidh sé níos éasca teacht ar ábhar sa chartlann agus í a úsáid, ionas go mbeidh taighdeoirí agus an pobal in ann plé go héifeachtach leis na hacmhainní stairiúla luachmhara atá ar fáil.

Seirbhísí Poiblí

Is é an cúram atá ar na Seirbhísí Poiblí seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil do thaighdeoirí agus do dhaoine a úsáideann an chartlann. I measc na bhfreagrachtaí atá orthu, déantar maoirseacht ar an seomra léitheoireachta, déantar an láithreán gréasáin agus ardáin meán sóisialta a bhainistiú, tugtar freagraí ar cheisteanna ón bpobal faoi na bailiúcháin atá againn agus déantar an córas le hábhar a ordú roimh ré a bhainistiú. 

Tá ról ríthábhachtach ag an rannóg seo le rannpháirtíocht an phobail a spreagadh, cuairteanna ó ghrúpaí a chomhordú agus léachtaí a thabhairt ar obair agus ar bhailiúcháin na Cartlainne Náisiúnta. Déanann an rannóg ionadaíocht thar ceann an fhorais in imeachtaí éagsúla.

Tá an rannóg Athghrafaice freagrach as seirbhísí atáirgthe ina gcuirtear cóipeanna de dhoiciméid ar fáil don phobal, lena n-áirítear cóipeanna deimhnithe, ceadúnú, cóipcheart agus cead chun ábhar a fhoilsiú. Mar chuid den obair seo, tugann an rannóg faoi thionscadail digitithe agus glacann an rannóg ról lárnach sna hiarrachtaí leanúnacha chun cur le líon na mbailiúchán digitithe atá ar fáil ar líne.

Caomhnú 

Tá ról an-tábhachtach ag an rannóg Caomhnaithe le go ndéanfar buanchoimeád leanúnach ar an ábhar cartlainne atá faoinár gcúram. Oibríonn an fhoireann i gcomhar le comhghleacaithe chun bailiúcháin a bhfuil damáiste déanta dóibh a aithint agus a mheas agus obair dheisiúcháin riachtanach a dhéanamh nuair is gá. I gcás na mbailiúchán a roghnaítear lena ndigitiú, caithfear measúnú caomhnaithe a dhéanamh orthu ionas go bhfaighfear íomhánna den chaighdeán is airde. Ar a bharr sin, is gá aon ábhar nua a mheas ionas nach dtiocfaidh aon ábhar cartlainne éillithe isteach chuig na háiseanna stórála.

Tá ról ríthábhachtach ag caomhnóirí oiliúint leanúnach a chur ar fáil do chomhghleacaithe agus ranna rialtais ar láimhseáil agus úsáid chuí chun damáiste a laghdú. Mar chuid den oiliúint sin tugtar treoir maidir le hábhar stórála ar chaighdeán cartlainne a úsáid agus nósanna imeachta cearta chun doiciméid a chartlannú.

Ceann an Aonaid: Zoë Reid, Coimeádaí

Seirbhísí Cartlainne agus Rialtais

Tá aonad na Seirbhísí Cartlainne agus Rialtais freagrach go príomha as taifid a bhailiú agus a bhainistiú mar atá sonraithe le reacht san Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986.

Ar na taifid seo tá taifid ó gach Roinn Stáit atá os cionn 30 bliain d’aois, na taifid ón 61 comhlacht sceidealta mar atá leagtha amach san Acht, na taifid ó na Cúirteanna ar gach leibhéal agus ó bhinsí nó coistí arna gcur ar bun ag an Stát.

Bainistiú Cartlainne

Cuireann an rannóg um Bainistiú Cartlainne treoirlínte ar fáil do Ranna Rialtais maidir le taifid a aistriú chun na Cartlainne Náisiúnta.

Iadsan atá freagrach chomh maith as oiliúint a chur ar fáil do chomhlachtaí a chumhdaítear faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, maidir le taifid a aistriú lena gcoimeád ag an gCartlann Náisiúnta agus iad a chur ar fáil don phobal. Baineann cuid mhaith den obair a dhéantar sa rannóg le háiseanna aimsithe (catalóga) a chruthú do na taifid atá inár seilbh, le riarachán na catalóige ar líne agus le liostaí d’ábhar agus riaráistí a aistríodh le déanaí. 

Taifid Reatha

Cuireann rannóg na dTaifead Reatha comhairle agus treoir ar fáil do ranna rialtais agus comhlachtaí sa tseirbhís phoiblí ar réimse ceisteanna a bhaineann le bainistiú na dtaifead atá faoina smacht. Tá an rannóg freagrach as riarachán a dhéanamh ar iarratais chun taifid a scriosadh más rud é gur taifid iad nach fiú a choimeád go buan faoi na téarmaí atá sonraithe san Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986. Tá cosc ar scriosadh taifead ag ranna agus comhlachtaí atá faoi réir an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986, gan deimhniú um scriosadh arna shíniú ag Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.

Taifid Cúirteanna 

Déanann rannóg na dTaifead Cúirteanna iniúchadh agus catalógú ar ábhar cartlainne ón tSeirbhís Cúirteanna don Chartlann Náisiúnta. Bítear ag plé le taifid ó na 1540idí go dtí na 1990idí, agus úsáidtear na bunchóipeanna chun taifid ó dhátaí roimh 1982 a iniúchadh. Déanann rannóg na dTaifead Cúirteanna taifid ó na cúirteanna a scrúdú, tugann cóid faoi leith dóibh, agus cruthaíonn áiseanna aimsithe nua-aimseartha don Seomra Léitheoireachta agus don chatalóg ar líne. Bíonn an rannóg ag obair i gcomhar leis an tSeirbhís Cúirteanna lena chinntiú go mbítear ag cloí leis an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, agus cuireann oiliúint agus treoir riachtanach ar fáil. Déantar taifid ón Oifig Probháide agus ó Chlárlanna Probháide Ceantair a aistriú chun na Cartlainne Náisiúnta tar éis 30 bliain.

Ceann an Aonaid: Helen Hewson, Coimeádaí

 

Bainistiú Digiteach 

Is é an t-aonad seo atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt agus feidhmiú bonneagair don chartlannú digiteach mar atá leagtha amach inár bPlean Straitéiseach, Ár dTodhchaí a Mhúnlú i Ré na Faisnéise, 2021–2025. 

Bíonn an t-aonad seo ag obair le hOifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais chun straitéis don bhuanchoimeád digiteach a fhorbairt don státseirbhís agus chun tionscnaimh don nuachóiriú a chur in oiriúint dá chéile i ngach cuid den ghníomhaireacht. Ina theannta sin, cuireann sé prionsabail don bhainistiú taifead agus don chartlannú a shocrú de réir na nósanna imeachta seo, beartais choinneála agus diúscartha san áireamh.

Ceann an Aonaid: Niamh McDonnell, Coimeádaí