Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Eolas fúinn

what-we-do-4

Déanann Cartlann Náisiúnta na hÉireann taifid phoiblí na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú agus is tríd an gCartlann a mbíonn teacht ag an bpobal ar na taifid sin lena chinntiú go bhfuil siad ar fáil mar acmhainn do gach saoránach.

what-we-do-4
URL copied to clipboard
Déanaimid taifead poiblí na hÉireann a bhailiú, a bhainistiú agus a chaomhnú. Cinntímid go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách agus mar chosaint ar chearta an tsaoránaigh.

Ár ról

Is í an Chartlann Náisiúnta an taisclann le haghaidh gach páipéar stáit agus coimeádtar taifid ann de chuid rialtas stát nua-aimseartha na hÉireann. Tá taifid ó fhoinsí príobháideacha amhail daoine aonair, eagraíochtaí agus gnólachtaí inár mbailiúchán oidhreachta. Déantar cur síos, in os cionn 60 milliún taifead, ar go leor gnéithe den saol in Éirinn roimh agus i ndiaidh an neamhspleáchais.

Coimeádann an Chartlann Náisiúnta taifid stát nua-aimseartha na hÉireann óna bhunú. Tagraíonn taifid Roinne do gach taifead a chruthaíonn nó a fhaigheann gach roinn rialtais, na cúirteanna agus na 61 comhlacht a liostáladh ar an sceideal a ghabhann leis an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986.

Taifid a chaomhnú

Mar chuid den obair, déantar taifid a chaomhnú ionas gur féidir le muintir na tíre faoi láthair agus na glúnta atá le teacht rochtain a fháil orthu. Déantar catalógú ar na taifid agus déanaimid ‘áiseanna aimsithe’ a tháirgeadh ina ndéantar cur síos ar a bhfuil sna taifid chun rochtain a éascú. Cinntíonn an fhoireann chaomhnaithe go bhfuil taifid níos leochailí cobhsaí agus gur féidir rochtain a fháil orthu. I gcásanna áirithe, déanaimid digitiú ar bhailiúcháin lena chinntiú go bhfuil rochtain ag taighdeoirí ar na taifid ach nach láimhseáiltear iad an oiread céanna.


Cuardaigh na bailiúcháin

Cláir for-rochtana

Cuirimid na taifid sin chun cinn trí chláir for-rochtana amhail cuairteanna treoraithe, sraith léachtaí, ceardlanna agus ar líne ar ardáin na meán sóisialta agus ar láithreáin ghréasáin.

Rannpháirteach agus foghlaim

 

Eisiúintí bliantúla

Gach Eanáir, cuirtear eisiúintí taifid stáit ar fáil faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986. Tá na comhaid rialtais sin 30 bliain d’aois. In 2024 is meascán d’ábhar a scaoiltear faoi rialacha 30 agus 20 bliain atá sna heisiúintí. Ina measc tá:

  • Taifid 30 bliain d’aois ón mbliain 1993 go príomha ó ranna agus comhlachtaí sceidealaithe éagsúla
  • Taifid Angla-Éireannacha a bhaineann leis an bpróiseas síochána agus le Tuaisceart Éireann, lena n-áirítear Comhaontú Aoine an Chéasta, ó na 1990idí go dtí mí na Nollag, 2003; is ó Roinn an Taoisigh, an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Dlí agus Cirt agus Oifig an Ard-Aighne a tháinig siad sin

Eisiúintí bliantúla

Plean Straitéiseach

Sainaithnítear sa straitéis na tosaíochtaí a threoróidh ár gcuid oibre chomh maith le fís ina bhfuil an Chartlann Náisiúnta i gcroílár shaol poiblí an rialtais agus na hÉireann. I measc phríomhthosaíochtaí na straitéise tá:

  • Stór cartlainne úrscothach
  • Clár um chlaochlú digiteach
  • Creatlach nua le haghaidh bainistíocht taifead ar fud an rialtais
  • Clár cuimhneacháin agus for-rochtana

Íoslódáil Plean Straitéiseach na Cartlainne Náisiúnta 2021-2025