Is bealach suimiúil é cuairt a thabhairt i ngrúpa chun níos mó a fhoghlaim faoin gCartlann Náisiúnta agus faoi na bailiúcháin atá againn.
Cuairteanna ginearálta grúpaí
Tá na cuairteanna seo oiriúnach do ghrúpaí ar mian leo níos mó a fhoghlaim faoin gCartlann Náisiúnta agus treoir a fháil maidir le taighde cartlainne. Ní féidir linn freastal ar chuairteanna ó ghrúpaí bunscoile ná meánscoile.
Bainfidh do ghrúpa taitneamh as:
- Comhrá faoinár gcuid oibre agus na seirbhísí a chuirimid ar fáil
- Treoir maidir leis na háiseanna aimsithe agus catalóga atá againn a úsáid
Fad agus costas
Tá turais ghrúpa saor in aisce. Maireann siad uair an chloig de ghnáth.
Cuairteanna grúpa taighde
Tá na cuairteanna grúpa seo oiriúnach do ghrúpaí taighde atá ag iarraidh eispéireas saincheaptha agus eolas níos doimhne.
Beidh a leanas i gceist le cuairt taighde:
- Réamhrá saincheaptha 45 nóiméad ar ábhar cartlainne agus ar thaighde cartlainne
- Comhairle maidir le conas catalóga agus áiseanna aimsithe a úsáid chun rochtain a fháil ar dhoiciméid
- Seisiún ceisteanna agus freagraí 15 nóiméad leis an gcartlannaí
Is féidir an réamhrá seo a chur i láthair trí fhíschomhdháil freisin mura féidir leis an ngrúpa a bheith i láthair go pearsanta.
Fad agus costas
Tá cuairteanna grúpa taighde saor in aisce. Maireann siad uair an chloig de ghnáth.
Cuairt ghrúpa a shocrú
Más spéis leat cuairt ghrúpa a chur in áirithe, líon isteach an fhoirm thíos agus beimid i dteagmháil leat. Tabhair faoi deara le do thoil, go gcaithfear iarratais ar chuairteanna grúpa a dhéanamh 4 seachtaine ar a laghad roimh an dáta atá ag teastáil.
