Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Treoracha bailiúcháin

Faigh léargais luachmhara lenár sraith treoracha ar chuid de na bailiúcháin is tábhachtaí agus is mó úsáide sa Chartlann Náisiúnta. Cé nach bhfuil ach méid beag dár mbailiúcháin á thaispeáint sna treoracha seo, tugann siad spléachadh ar an eolas leathan atá ar fáil i gcomhair taighde.

URL copied to clipboard
Is é atá i gceist againn lenár gcuid treoracha ná taighde a éascú do staraithe, do ghinealeolaithe agus do dhaoine a bhfuil an-suim acu sa stair. Fuinneoga iad ar an ábhar éagsúil atá againn sna bailiúcháin, idir lámhscríbhinní agus taifid chúirte.

Tugann gach treoir achoimre ar bhailiúchán, agus déanann sé é a chur ina chomhthéacs stairiúil chun cabhair a thabhairt duit tuiscint a fháil ar a shuntas. Tá sé seo ina chuidiú do thaighdeoirí chun tuiscint a fháil ar an bhealach ina gcuireann na taifid le hinsintí staire fairsinge, agus chun téagar a chur lena dtaighde.

Léirítear sna treoracha na cineálacha éagsúla taifead, cosúil le lámhscríbhinní, grianghraif, léarscáileanna, agus cáipéisí oifigiúla, ionas gur féidir leat na hábhair a bhaineann le d’obair a aimsiú.

Is é atá mar aidhm againn agus na treoracha seo á gcur ar fáil ná taighde a shimpliú do scoláirí, staraithe, ginealeolaithe, agus duine ar bith a chuireann suim sa stair. Cé acu más ag rianú d’fhréamhacha gaoil, ag staidéar imeachtaí stairiúla nó i mbun taighde acadúil atá tú, is pointe tosaigh iontach iad na treoracha seo chun éagsúlacht shaibhir ár mbailiúchán a aimsiú.

Tá muid tiomanta don stair a chaomhnú agus rochtain uirthi a thabhairt do chách, agus is achmhainn thábhachtach iad na treoracha seo chun cuidiú leat agus do bhealach á dhéanamh agat tríd an fhlúirse ábhar atá á gcoinneáil againn.