Faoi Alt 26 den Acht um Míchumas, 2005, tá oibleagáid reachtúil ar chomhlachtaí poiblí Oifigeach Rochtana nó Foireann a cheapadh dá n-eagraíochtaí faoi seach. Tá an Chartlann Náisiúnta tiomanta dá hoibleagáidí faoin Acht seo a chomhlíonadh trí ár seirbhísí a dhéanamh inrochtana agus cothrom do chách.
An fhoireann rochtana
Tá ár bhfoireann Rochtana dírithe chun a áirithiú go bhfuil ár seirbhísí agus ár saoráidí inrochtana do chách. Is é an sprioc atá againn ná go mbeadh go leor eolais agus spraoi ag baint le do chuairt ar an gCartlann Náisiúnta, bíodh sí ar líne nó go pearsanta. Má tá riachtanais inrochtaineachta nó riachtanais bhreise agat, déan teagmháil leis na hOifigigh Rochtana roimh do chuairt.
Oifigeach Rochtana: angela.mennella@nationalarchives.ie
Oifigeach Áiseanna: katie.carroll@nationalarchives.ie
Oifigeach Seirbhísí Poiblí: Linda.Tobin@nationalarchives.ie
Rochtain ar an gCartlann Náisiúnta
Tabharfaidh an t-ardaitheoir sa halla isteach ar Shráid an Easpaig thú go dtí an príomhurlár talún. Is anseo atá ár bhfáiltiú, ár Seirbhís Chomhairleach maidir le Ginealach, seomra na locar agus na leithris. Téann an t-ardaitheoir sa phríomhfhoirgneamh chuig an Seomra Léitheoireachta agus áiseanna eile, lena n-áirítear oifig an Chartlannaí ar Dualgas agus na leithris.
An Seomra Léitheoireachta
Tá an Seomra Léitheoireachta ar an 5ú hurlár. Ní féidir leat dul ann ach leis an ardaitheoir nó leis na staighrí. Tá doirse isteach an Seomra Léitheoireachta uathoibrithe go hiomlán, iad faoi rialú ag braiteoir. Chun rochtain a fháil ar ár Seomra Léitheoireachta ní mór ticéad bailí léitheora a bheith agat
Conas ticéad léitheora a fháil
Aslonnú i gcás éigeandála
Tá ‘Evac+Cathaoireacha’ ar fáil lena n-úsáid i gcás aslonnú éigeandála daoine as an Seomra Léitheoireachta agus áiseanna eile. Tugtar oiliúint don fhoireann maidir leis na cathaoireacha seo a úsáid, más gá.