Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Faigh ticéad léitheora

Déan iarratas ar thicéad léitheora nó déan athnuachan ar thicéad chun rochtain a fháil ar Sheomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta.

URL copied to clipboard

Más mian leat taighde a dhéanamh sa Chartlann Náisiúnta, teastóidh ticéad léitheora uait. Tabharfaidh sé rochtain duit ar an Seomra Léitheoireachta sa Chartlann Náisiúnta. Ligfidh sé duit freisin ábhar cartlainne a ordú roimh do chuairt.

 

Tá ticéid an léitheora:

 

  • Bailí ar feadh 3 bliana
  • Saor in aisce

 

Déan cinnte go bhfuil do thicéad léitheora leat nuair a thabharfaidh tú cuairt mar go ndiúltófar cead isteach gan é.

Iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora

 

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora ar líne nó go pearsanta sa Chartlann Náisiúnta. Is go pearsanta amháin a eiseofar ticéid ag an deasc tosaigh. Ní mór duit a bheith 16 bliana d’aois nó níos sine le cur isteach ar an iarratas. Chun iarratas a dhéanamh ar líne nó go pearsanta, ní mór duit:

 

  • Aitheantas fótagrafach (ID) amhail pas nó ceadúnas tiomána a bheith leat
  • Cruthúnas ar sheoladh baile le 6 mhí anuas, amhail bille fóntais nó ceadúnas tiomána a bheith leat

 

Glacfaimid le doiciméad comhcheangailte amhail ceadúnas tiomána le grianghraf agus seoladh reatha. Roimh do chuairt, féach ar na nithe seo a leanas le do thoil:

 

Reader’s ticket application form

Conas a úsáidimid do chuid sonraí

Tá an Chartlann Náisiúnta tiomanta do do chuid sonraí pearsanta a chosaint. Ní choinneoimid do chuid faisnéise ach chomh fada agus is gá don chuspóir atá beartaithe di. Nuair nach mbeidh gá leis a thuilleadh, scriosfar go daingean é de réir bheartas an Roinn Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt.

Getting here

Find us

Opening hours

  • Monday to Friday 10am – 5pm
  • Sat – Sun Closed