Ní choimeádfaidh an Roinn do shonraí pearsanta ach amháin fad a bheidh sé riachtanach chun na críche dár bailíodh iad agus dá ndearnadh próiseáil ina dhiaidh sin orthu. Nuair a rachaidh an riachtanas gnó chun an fhaisnéis seo a choimeád in éag, scrúdófar í d’fhonn na sonraí pearsanta a léirscriosadh a luaithe is féidir, agus de réir bheartas na Roinne. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Chosaint Sonraí a fháil ar ár suíomh gréasáin ar: https://www.chg.gov.ie/ga/help/legal-notices/data-protection/
Faisnéis Phearsanta á Bailiú agus á hÚsáid
Urramaíonn an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cearta a húsáideoirí agus ní bhailíonn sí aon sonraí pearsanta fút ar a suíomh gréasáin.
Agus tú ag dul i dteagmháil linn, féadfaidh tú bheith ag seoladh faisnéis phearsanta chugainn amhail d’ainm, do sheoladh agus do sheoladh ríomhphoist. Féadfaimid d’ainm, do sheoladh agus do sheoladh ríomhphoist a stóráil chun freagra a thabhairt ar d’iarratas nó chun teacht ar réiteach ar ábhar an ríomhphoist.
I gcás ina soláthróidh úsáideoir faisnéis phearsanta go deonach, ní úsáidfear na sonraí seo ach amháin chun na gcríoch dá bhforáiltear é, agus ní dhéanfar é a chur chun aon tríú páirtí, mura bhfuil sé de dhualgas air an fhaisnéis sin a nochtadh le riail dlí.
Faisnéis Theicniúil á Bailiú agus á hÚsáid
Logáiltear sonraí teicniúla i dtaca le cuairteanna ar shuíomhanna ghréasáin na Roinne chun críocha staidrimh agus riaracháin eile. Ní bhailítear aon fhaisnéis a d’fhéadfadh an Roinn a úsáid chun cuairteoirí suímh gréasáin a aithint. Tá na sonraí a logáiltear teoranta do na míreanna seo a leanas:
– Seoladh IP chliant gréasáin an chuairteora;
– An t-ainm fearainn barrleibhéil a úsáidtear (mar shampla .ie, .com, .org, .net);
– Seoladh an tsuímh gréasáin roimhe sin ónar shroich an cuairteoir sinn, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh;
– Sonraí conair chliceála a léiríonn trácht na gcuairteoirí ar fud an tsuímh gréasáin seo (mar shampla, leathanaigh gréasáin ar a bhfuarthas rochtain agus na doiciméid a íoslódáladh);
– An cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann cuairteoir an tsuímh gréasáin.
Ní dhéanfaidh an Roinn aon iarracht ar chuairteoirí aonair a aithint, ná na sonraí teicniúla atá liostaithe thuas a chomhcheangal le haon duine aonair ach amháin i gcás aon úsáide míchuí nó mailíseach ar láithreán gréasáin na Roinne féin a imscrúdú. Is é beartas na Roinne gan aon fhaisnéis theicniúil i leith cuairteoirí aonair suímh gréasáin a chur ar fáil d’aon tríú páirtí, mura mbeidh sé de dhualgas faoin dlí an nochtadh sin a dhéanamh.
Cuacha a úsáid ar ár suíomh gréasáin
Úsáideann suíomh gréasáin na Roinne SiteImprove chun cabhrú le hanailísiú conas a úsáideann úsáideoirí an suíomh. Úsáideann an uirlis anailíseach seo ‘cuacha’, is comhaid téacs curtha ar do ríomhaire, chun faisnéis chaighdeánach logála idirlín agus faisnéis iompair cuairteoirí a bhailiú i bhfoirm anaithnid. Tarchuirtear an fhaisnéise a ghineann an chuach, faoi d’úsáid den suíomh gréasáin (do sheoladh IP san áireamh), chun Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe, áit a stórálfar an fhaisnéis. Úsáidtear an fhaisnéis sin ansin chun d’úsáid den suíomh gréasáin a mheasúnú agus chun tuarascálacha staitistiúla a thiomsú ar ghníomhaíocht suímh gréasáin don Roinn.
Ní dhéanfaidh an Roinn (agus ní lamhálfaidh d’aon tríú páirtí) an uirlis anailíse staitistiúil a úsáid chun faisnéis ar bith atá aitheanta go pearsanta ar chuairteoirí ar ár suíomh a rianú ná a bhailiú. Ní chomhcheanglóimid aon sonraí a bhailítear ón suíomh seo le haon fhaisnéis a aithníonn go pearsanta ó aon fhoinse mar chuid dár n-úsáid d’uirlis anailíse staitistiúil Google. Ní chomhcheanglóidh Google do sheoladh IP le faisnéis ar bith eile atá i seilbh Google. Ní nascfaidh an Roinn ná Google, ná ní fhéachfaidh lena nascadh, seoladh IP le céannacht úsáideora ríomhairí.
Úsáidfidh an Roinn cuach shimplí freisin chun a thaifeadadh go bhfuil cuairteoir tar éis a admháil gur úsáideadh cuacha ar an suíomh seo. Is amhlaidh an cás chun fógraíocht aníos a chosc ar an gcuairteoir gach uair a thugann siad cuairt ar an suíomh ach ní bhaileofar ná ní stórálfar aon fhaisnéis eile faoin gcuairteoir.
Féadfaidh tú diúltú do chuacha trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí mar atá léirithe sna naisc thíos. Is féidir leis sin difear a dhéanamh do do thaithí brabhsála agus féadfaidh nach bhfeidhmeoidh roinnt seirbhísí ar an suíomh seo agus cinn eile i gceart, nó in aon chor. Agus tú ag úsáid an tsuímh gréasáin seo, toilíonn tú le Google faisnéis fút a phróiseáil ar an modh agus chun na gcríoch a leagtar amach thuas.
Google Chrome Browser
Microsoft Internet Explorer Browser
Mozilla Firefox Browser
Apple Safari Browser
Opera Web Browser