Úsáid, cóipcheart agus athléiriú ábhar an tsuímh ghréasáin
Is féidir teacht ar ábhar an tsuímh ghréasáin seo go héasca agus é a íoslódáil le haghaidh úsáide pearsanta. Mar sin féin, tá coisc ar aon chineál athléiriú neamhúdaraithe, lena n-áirítear a asbhaint agus/nó a stóráil in aon chóras aisghabhála nó a áireamh in aon ríomhchlár nó saothar eile. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil cóipcheart ag an gCartlann Náisiúnta ar gach ábhar atá ar an suíomh gréasáin seo.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chóipeanna a fháil d’ábhar atá á gcoimeád sa Chartlann Náisiúnta, féach ar Faigh Cóipeanna de Dhoiciméid, le do thoil. Le cead a fháil ábhar atá sa Chartlann Náisiúnta a athléiriú déan teagmháil linn le do thoil.
Séanadh
Glacadh cúram chun cruinneas an ábhair ar an suíomh gréasáin seo a chinntiú agus nuair a chuirtear earráidí nó easnaimh in iúl don Chartlann Náisiúnta, déanfar leasuithe chomh tapa agus is féidir.
Mar sin féin, ní gá go léirítear i sonraí a luaitear go soiléir nach táirge de chuid an Chartlann Náisiúnta iad tuairimí de chuid an Chartlann Náisiúnta. Níl aon dliteanas uirthi i leith ábhar na sonraí seo nó i leith caillteanas díreach nó iarmhartach a dhéantar don úsáideoir a eascraíonn as aon rud ar an suíomh seo nó as aon earráid nó easnamh ann.
Mar an gcéanna, ní hionann naisc chuig láithreáin ghréasáin sheachtracha agus tacaíocht ón gCartlann Náisiúnta d’aon táirgí, seirbhísí, beartais nó tuairimí de chuid na heagraíochta nó an duine aonair.