Latest News

Ballraíocht san Fhondúireacht Choiméadta Oscailte


24.11.25

Agus an Chartlann Náisiúnta ag dul ar aghaidh lenár mbuneagar dígiteach a fhorbairt agus lenár gcumas, taifid digitginte a choimeád a fhorbairt leis, tá ríméad orainn a rá gur éirigh muid inár mball san Open Preservation Foundation (OPF- Fondúireacht Choiméadta Oscailte). Bíonn obair an mheithil bunúsach dár n-aidhm a bheith ar thús cadhnaíochta sa réimse sin agus a chinntiú go gcoimeádfar oidhreacht dhigiteach na hÉireann. Is fóram é an OPF chun foghlaim ó chomghghleacaithe agus chun cur leis an dul chun cinn i limistéar atá ag athrú go rí-thapaidh. Cuideoidh an tionscnamh sin lenár scileanna dígiteacha a fhorbairt – páirt mhór é sin dár bPlean Straitéiseach reatha 2021-2025 ‘Ár dtodhchaí a mhúnlú i ré na faisnéise’.