Tagairt a dhéanamh d’ábhair chartlainne
Céard é cód tagartha agus cén fáth go bhfuil gá leis?
Is é atá sa Chód tagartha ná cód uathúil an doiciméid ar leithligh nó na sraithe doiciméad gaolmhar. Is féidir le cód tagartha a bheith uimhriúil (uimhreacha amháin) nó alfa-uimhriúil (uimhreacha agus litreacha araon). Ón mbliain 2000 ar aghaidh, tá na cóid tagartha go léir i bhformáid uimhriúil agus cuimsíonn siad trí chuid. Mar shampla, tagraíonn 2015/77/86 do chomhad 86 as Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin arbh é an 77ú haistriú chuig an gCartlann Náisiúnta é sa bhliain 2015. D’fhéadfadh sé go bhfuil ábhar de chineál eile i bhformáid alfa-uimhriúil. Mar shampla, tagraíonn CSO/RP/1822/17 do chomhad 17 ó Pháipéir Chláraithe Oifig an Phríomh-Rúnaí don bhliain 1822.
Ní mór cód tagartha uathúil a thabhairt do gach taifead a aistrítear chuig an gCartlann Náisiúnta d’fhonn barántúlacht an doiciméid lena mbaineann a chosaint agus d’fhonn uimhreacha dúblacha a sheachaint rud a bhféadfadh deacrachtaí agus mearbhall gan ghá do thaighdeoirí leanúint as.
Conas a dhéantar catalógú ar thaifid sa Chartlann Náisiúnta?
Déanann an Chartlann Náisiúnta catalóga ar ábhair i gcomhréir leis an gcaighdeán reatha idirnáisiúnta i leith tuairisciú ábhar cartlainne (ISAD(G)). Tríd an gcaighdeán sin, arbh í an Chomhairle Idirnáisiúnta Chartlannaíochta a d’fhorbair é, déantar deimhin de go ndéantar faisnéis áirithe a ghabháil rud a ligeann do thaighdeoirí a chinneadh an mbeidh taifead fóinteach dá dtaighde.
Sa chineál faisnéise a ghabhtar áirítear cód tagartha uathúil, teideal agus dátaí clúdaigh (dátaí oscailte agus dúnta). Ina theannta sin, d’fhéadfadh tuairisc leathnaithe ar inneachar an taifid agus cód tagartha bunaidh a bheith ann.
Mar shampla:
Cód tagartha | Cód tagartha bunaidh | Sraith | Teideal | Scóip agus Inneachar | Dátaí clúdaithe | Fairsinge | Cruthaitheoir [Ainm bunaigh na roinne a chruthaigh an taifead] |
2017/11/629 | S 24240 | An Chlárlann Lárnach | Cuairt stáit Juan Carlos, Rí na Spáinne, ar Éirinn, 30 Meitheamh – 3 Iúil 1986. | Nótaí faoi chruinnithe agus faoi chomhráite le linn an chuairt a ullmhú; mionsonraí faoin liosta aíonna le haghaidh lóin agus dhinnéir stáit Rí agus Bhanríon na Spáinne; liosta na mbronntanas beartaithe; biachláir bheartaithe le haghaidh lón agus dinnéir stáit. | Meith 1985-Feabh 1987 | 1 chomhad | Roinn an Taoisigh |
Níl ach taifid a chomhlíonann an caighdeán seo inchuardaithe sa chatalóg ar líne. Comhlíonann an t-ábhar ar fad a aistríodh chuig an gCartlann Náisiúnta le 15 bliana anuas an caighdeán seo agus rinneadh é a uaslódáil go huathoibríoch chuig an gcatalóg ar líne. Maidir le taifid a aistríodh roimh an dáta sin, nó maidir le bailiúcháin phríobháideacha, is gá na catalóga cruachóipe atá ar fáil sa seomra léitheoireachta a léamh.
Conas a luaim comhad?
Gabhann cód tagartha uathúil le gach comhad a choimeádann an Chartlann Náisiúnta agus is ceart an cód sin a úsáid gach uair a luann taighdeoirí an comhad lena mbaineann.
Maidir le comhaid roinne a aistríodh le 15 bliana anuas, cód uimhriúil tríchodach a bheidh i gceist leis an gcód tagartha.
Is ceart na comhaid sin a lua mar a leanas:
Mar shampla:
NAI, 2017/11/478
Is é sin comhad 478 ón 11ú comhlacht a d’aistrigh taifid lena scaoileadh sa bhliain 2018. Is é teideal an chomhaid sin An Bille um Shábháilteacht Táirgí 1987 agus d’aistrigh Roinn an Taoisigh é sa bhliain 2017.
I gcás ábhar níos túisce, is ceart cód tagartha alfa-uimhriúil nó cód tagartha tuairisciúil a úsáid.
Mar shampla:
NAI, TSCH/3/S855
Baineann sé seo le comhad as comhaid Chlárlann Lárnach Roinn an Taoisigh, agus a réamhtheachtaí, Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle, dar dáta an tréimhse ó 1922 go 1982. Is é atá i dteideal an chomhaid lena mbaineann ná Múineadh na Gaeilge i Scoileanna Náisiúnta: Fógra Poiblí Uimh. 4 Feabh. 1922 – Márta 1922.
NAI, ED/1/23/9
Baineann sé seo le hiarratas, dar dáta 1832, chuig Coimisinéirí an Oideachais Náisiúnta, i leith scoil náisiúnta Ballylawn do bhuachaillí agus do chailíní, Contae Dhún na nGall, a áireamh sa chóras nua-bhunaithe scoileanna náisiúnta.
NAI, OPW/5HC/4/1
Baineann sé seo le líníochtaí ailtireachta d’áiteanna cónaithe do lánúineacha pósta i mbeairic mhíleata Dhroichead na hInse [Dún Mhic Fhlannchaidh], agus iad sínithe ag oifigigh de chuid na nInnealtóirí Ríoga sa bhliain 1860.
NAI, CSER/HC/Summary Summons 1936/file 1051
Baineann sé seo le comhad 1051 arb é atá ann ná comhad Toghairmeacha Achoimre de chuid na bliana 1936 a fuarthas ón Ard-Chúirt.
NAI, CSER/CP/GY/Publicans’ Licences: notices; registers, 1909
Baineann sé seo le clár ceadúnas tábhairneora de chuid Chúirt na Coróineach agus na Síochána i nGaillimh (réamhtheachtaí na Cúirte Cuarda atá ann sa lá atá inniu ann), agus baint aige leis an mbliain 1909.
NAI, CSER/CP/GY/Civil Bill Book 1889/case name
Baineann sé seo le cás sibhialta a seoladh i gCúirt na Coróineach agus na Síochána i nGaillimh (réamhtheachtaí na Cúirte Cuarda atá ann sa lá atá inniu ann) sa bhliain 1889.
Conas a luaim doiciméad atá ann mar chuid de chomhad?
Maidir le doiciméid a aimsítear laistigh de chomhad, is ceart do thaighdeoirí teideal an doiciméid a thabhairt, mar aon leis an gcód tagartha iomlán don chomhad.
Mar shampla:
Litir dar dáta an 23 Iúil 1963 ón Uachtarán John F Kennedy chuig an Taoiseach, Seán Lemass, ar fáil in NAI, TSCH/3/S17401.
Tá an litir seo ón Uachtarán Kennedy, inar ghabh sé buíochas le Seán Lemass as an bhfáilte a cuireadh roimhe le linn a chuairte stáit, ar fáil i gcomhad S17401 de chuid chlárlann lárnach an Taoisigh.
Conas is féidir liom teacht ar chomhad ar cheadaigh mé é roimhe seo?
Moltar do thaighdeoirí an duillín rianaithe bán a thugtar dóibh nuair a thugann siad comhaid atá ceadaithe acu sa seomra léitheoireachta a choinneáil go dtí go mbíonn a dtionscadal taighde curtha i gcrích acu. Beidh cód tagartha an chomhaid lena mbaineann le fáil sa duillín sin.
Tá sé tábhachtach freisin aon chomhad-tagairt a bhreacadh síos nuair atá comhad á cheadú nó nuair atá faisnéis nó sliocht á baint/bhaint as taifead. Tá sé sin tábhachtach go háirithe i gcás taighdeoirí a bhfuil taighde á dhéanamh acu thar thréimhse fhada, amhail taighde i leith PhD. Bíonn sé an-deacair do bhaill foirne agus do thaighdeoirí teacht ar thaifid mura bhfuil tagairt cheart ag an taighdeoir i ndáil leis na taifid atá ceadaithe acu.
Ní hionann an cód tagartha a luaitear i leabhar áirithe agus an cód a úsáideann an Chartlann Náisiúnta. Cén ceann ar ceart dom é a úsáid?
Nuair atá tagairt á dhéanamh d’ábhar atá á choimeád sa Chartlann Náisiúnta, is ceart do thaighdeoirí úsáid a bhaint as an gcód tagartha atá sonraithe sa chatalóg ar líne nó sna háiseanna aimsithe cruachóipe. Ní ceart do thaighdeoirí cóid tagartha dá dtagraítear i bhfoilseacháin a úsáid mura rud é go bhfuil na cóid sin go díreach mar atá sonraithe inár n-áiseanna aimsithe. Is minic a luaitear ábhar go mícheart i bhfoilseacháin agus d’fhéadfadh deacrachtaí gan ghá leanúint as sin i dtaca le comhad a ordú. Is é an leagan críochnaitheach an cód tagartha atá luaite ag an gCartlann Náisiúnta agus is ceart an leagan sin a úsáid chun buanú faisnéise míchruinne a sheachaint. Má bhíonn amhras ar thaighdeoirí, is ceart dóibh dul i gcomhairle leis an gCartlannaí Ar Dualgas sa seomra léitheoireachta nó is ceart dóibh Teagmháil a Dhéanamh Linn.
Ní féidir liom comhad ar leith atá luaite i bhfoilseachán a aimsiú.
Uaireanta, ní féidir le daoine teacht ar chomhad atá luaite i bhfoilseachán agus is é is minice is cúis leis sin ná cód míchruinn nó mícheart a bheith ann san fhoilseachán lena mbaineann. Tarlaíonn sé sin go minic agus d’fhéadfadh deacrachtaí gan ghá a bheith ann dá bharr do bhaill foirne na Cartlainne Náisiúnta agus do thaighdeoirí araon. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh taighdeoirí seiceáil i dtaobh chruinneas a gcuid tagairtí sula bhfoilsíonn siad aon ábhar.
D’fhéadfadh doiciméad laistigh de chomhad a bheith i gceist leis an tagairt san fhoilseachán. Sa chás sin, is gá don taighdeoir cuardach a dhéanamh sa chomhad lena mbaineann chun teacht ar an doiciméad.
D’fhéadfadh sé go bhfuil an tagairt cheart ann maidir leis an áit ina bhfuil an comhad. An bhfuil an taifead atá i gceist á choimeád ag an gCartlann Náisiúnta? An bhfuil aon seans ann go bhfuil sé á choimeád in institiúid chartlainne eile in Éirinn nó in áit éigin níos faide i gcéin. Tarlaíonn sé sin uaireanta, go háirithe i gcás taifid a bhaineann le hÉirinn sular baineadh saoirse amach nó le bailiúcháin phríobháideacha amhail taifid faoi eastáit talún. Uaireanta, luaitear go mícheart go bhfuil ábhar le fáil i mBaile Átha Cliath ach, le fírinne, tá sé á choimeád i gCartlann Náisiúnta na Ríochta Aontaithe nó i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
I gcás ina mbíonn deacracht ag taighdeoir, tá sé inmholta dul i gcomhairle leis an gCartlannaí Ar Dualgas sa seomra léitheoireachta nó is ceart dó/di Teagmháil a Dhéanamh Linn.
Conas a dhéanaim cuardach sa chatalóg ar líne chun teacht ar thaifid?
Chun tuilleadh faisnéise i dtaobh conas an chatalóg ar líne a úsáid, féach Ceisteanna a Chuirtear go Minic.
Aon chomhairle eile?
Tá sé riachtanach go gcoimeádfaidh taighdeoirí cuntas ar na taifid go léir a bhfaigheann siad rochtain orthu le linn taighde a dhéanamh in aon taisclann chartlainne. Mura gcoinnítear taifead cruinn is minic a bhíonn deacrachtaí gan ghá ann níos faide anonn. Tá sé an-choitianta go dtagann taighdeoirí chuig baill foirne na Cartlainne Náisiúnta agus iad ag iarraidh teacht ar dhoiciméid ar leithligh ar bhreathnaigh siad orthu roinnt blianta roimhe sin. Bíodh a fhios agat go bhféadfadh nóta neamhurchóideach a bheith ina chuid thar a bheith tábhachtach de do thráchtas sa deireadh.
Déanann an Chartlann Náisiúnta an chuid is mó dá bailiúchán a liostú de réir theideal na gcomhad. Baineann sé sin go háirithe le taifid rialtais. Is ionann sin agus a rá nach dtugtar uimhir thagartha ar leithligh do dhoiciméid ar leithligh atá ann i gcomhad ar leith. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh taighdeoirí a bhfuil tagairt á déanamh acu do dhoiciméid ar leithligh laistigh de chomhad ar leith taifead cruinn a choinneáil ar theideal an chomhaid agus ar an gcód tagartha lena mbaineann d’fhonn comhthéacs iomchuí a chur ar fáil don doiciméad.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi dhul i mbun taighde cartlainne sa Chartlann Náisiúnta, féach Tús a chur le taighde cartlainne.