Researcher viewing a map detail with a magnifying glass

Déanann Cartlann Náisiúnta na hÉireann taifid phoiblí na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú agus is tríd an gCartlann a mbíonn teacht ag an bpobal ar na taifid sin lena chinntiú go bhfuil siad ar fáil mar acmhainn do gach saoránach.

 

Tá os cionn 60 milliún taifead againn ina ndéantar cur síos ar go leor gnéithe den saol in Éirinn roimh an neamhspleáchas agus ina dhiaidh. I measc na dtaifead sin, tá taifid stát nua-aimseartha na hÉireann ó bunaíodh é. Mar chuid den obair, déantar taifid a chaomhnú ionas go mbeidh teacht ag muintir na tíre sa lá atá inniu ann agus ag na glúnta amach anseo orthu.

 

Foghlaim faoinár misean agus ár bhfís, ár stair agus ár bpleananna amach anseo don chartlann. Is féidir rochtain a fháil freisin ar rialachas agus ar fhaisnéis chorparáideach na Cartlainne Náisiúnta sa chuid seo.