Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Conas cartlainne a láimhseáil

Foghlaim conas déileáil le cartlanna agus tú i mbun taighde sa Seomra Léitheoireachta.

URL copied to clipboard
Tá gach doiciméad cartlainne uathúil. Láimhseáil go cúramach iad, ag cinntiú go gcoimeádtar iad le go mbeidh daoine eile in ann iad a úsáid agus foghlaim uathu amach anseo.

Is taifid uathúil iad taifid chartlainne agus ní mór iad a láimhseáil go cúramach chun damáiste nó cailliúint na faisnéise atá iontu a chosc. Trí na treoirlínte seo a leanúint, is féidir le léitheoirí cabhrú le caomhnú na mbailiúchán a chinntiú.

Treoirlínte maidir le láimhseáil cartlann

  • Cinntigh go bhfuil do lámha glan, tirim agus saor ó lóis
  • Coinnigh ord agus eagar ar an spás oibre agat slionas gur féidir na taifid a staidéar go cothrom ar an mbord
  • Ná féach ach ar chomhad nó doiciméad amháin ag an am agus coinnigh laistigh de theorainneacha an fhillteáin é
  • Ní mór do thaifid chartlainne gan dul thar imeall an bhoird
  • Ná scríobh ar aon taifid chartlainne, ná luigh orthu agus ná cuir míreanna eile orthu – ná rith do mhéara feadh línte an téacs
  • Cas na leathanaigh go réidh agus go cúramach, go háirithe agus leathanaigh tanaí nó leochaileacha á léamh agat
  • Ná húsáid ach amháin pinn luaidhe nó ríomhairí chun nótaí a ghlacadh
  • Ná déan na leathanaigh a mharcáil ná a anótáil
  • Ná úsáid fórsa díreach riamh chun aon mhír a oscailt ná a shrianadh – is féidir meáchain bheaga a úsáid chun míreanna a choinneáil ar oscailt agus tá siad ar fáil ag cuntar an tSeomra Léitheoireachta más gá
  • Ná hoscail imleabhair cothrom ar an mbord – ní mór imleabhair cheangailte a bheith tacaithe i gceart ar chúisín ag baint úsáide as meáchain nathrach nó meáchain bheaga atá ar fáil ón gcuntar más gá
  • Más gá duit leathanach a mharcáil i leabhar, iarr ar bhall foirne píosa páipéir saor ó aigéad a thabhairt duit
  • Agus na taifid nó na himleabhair á gcur ar ais chuig an gcuntar, déan cinnte go bhfuil siad ailínithe i gceart agus curtha sa chomhad, sa fhillteán nó sa bhosca a chuirtear ar fáil

Má tá aon cheist nó imní ort faoi conas taifid a láimhseáil i gceart, cuir ceist ar bhall foirne a bheidh sásta cabhrú leat.

Na cartlanna a choinneáil in ord

Tá ord leathanach comhaid thar a bheith tábhachtach agus is minic gur féidir leis an oiread céanna eolais a sholáthar faoi na cartlanna agus atá faoi na doiciméid féin. D’fhéadfadh aon iarracht an t-ord bunaidh a athchóiriú go gcaillfí faisnéis ríthábhachtach. Iarrtar ar léitheoirí an t-ord ceart míreanna laistigh de gach fillteán agus ord na bhfillteán i ngach bosca a choinneáil. Má aimsítear míreanna as ord, iarr cúnamh ar an bhfoireann le do thoil.