Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Reachtaíocht a rialaíonn an Chartlann Náisiúnta

Rialaítear an Chartlann Náisiúnta trí roinnt achtanna agus rialachán.

URL copied to clipboard

An tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986, agus na Rialacháin um Chartlann Náisiúnta, 1988

Is iad an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986, agus na Rialacháin um Chartlann Náisiúnta, 1988 na príomhreachtanna atá infheidhme maidir le bainistíú taifead Ranna Stáit, lena n-áirítear diúscairt taifead nó coimeád taifead mar ábhair chartlainne. Níl tosaíocht ag aon reachtaíocht ar an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 a mhéid a bhaineann le bainistíocht taifead poiblí. Sular féidir taifid a mhilleadh, a choimeád nó a choinneáil siar, ní mór cloí leis na forálacha atá leagtha amach san Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 agus i Rialacháin, 1988.

Faoin reachtaíocht seo, aistrítear taifid ranna rialtais agus a ngníomhaireachtaí chuig an gCartlann Náisiúnta nuair a shroiceann siad 30 bliain d’aois.

Fíordheimhniú Doiciméad

Foráiltear le Rialacháin an Achta um Chartlann Náisiúnta, (Fíordheimhniú Doiciméad),1986, 1988 an bunús dlí don Chartlann Náisiúnta chun doiciméad a fhíordheimhniú agus seirbhís cóipeanna deimhnithe a chur ar fáil.

Na Rialacháin um Tháillí Cartlainne Náisiúnta, 2012

Leagtar amach i Rialacháin um Tháillí Cartlainne Náisiúnta, 2012 na táillí uile a bhaineann le seirbhísí cóipeála agus fíordheimhnithe.

An tAcht um Chartlann Náisiúnta (Leasú), 2018

Leis an Acht um Chartlann Náisiúnta (Leasú), 2018, leathnaíodh sainchúram na Cartlainne Náisiúnta chun taifid roinne 20 bliain d’aois agus níos sine a bhaineann le cúrsaí Angla-Éireannacha a áireamh. Bhí sé seo le teacht i gcomhréir le hathruithe ar dhlí na Ríochta Aontaithe a thug riail 20 bliain isteach.

Tá tús curtha leis an riail 20 bliain le taifid ó na ranna seo a leanas a raibh an bhaint is dlúithe acu le próiseas síochána Thuaisceart Éireann agus le caidreamh Thuaidh-Theas: Roinn an Taoisigh, an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Dlí agus Cirt agus Oifig an Ard-Aighne.

Leagan Athbhreithnithe den Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986

Tá leagan comhdhlúite Athbhreithnithe den Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986, cruthaithe ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí. Tugtar na leasuithe agus na hathruithe uile a rinneadh ar an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 suas go dtí an 16 Meán Fómhair 2025 le chéile in aon téacs amháin, rud a fhágann go bhfuil an reachtaíocht níos inrochtana do gach úsáideoir.

Is féidir rochtain a fháil ar an leagan comhdhlúite den Acht Athbhreithnithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí ag https://revisedacts.lawreform.ie/eli/1986/act/11/front/revised/en/html. Tá sé ar fáil freisin tríd an Leabhar Leictreonach Reachtaíochta na hÉireann (eISB) ag Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986.