Cuirfear aistriúchán ar fáil go luath

Ár leithscéal as an míchaoithiúlacht. Cuirfear aistriúchán Gaeilge ar an leathanach seo ar fáil go luath. Go raibh maith agat as do chuid foighneachta agus muid ag obair ar leagan uasdátaithe.

Order archives

Is furasta cartlanna a ordú ar an láthair agus tú i mbun taighde sa Seomra Léitheoireachta. Má stóráiltear an t-ábhair cartlainne atá uait in áit éigin eile is féidir an t-ábhar sin a ordú roimh do chuairt.

URL copied to clipboard

Conas cartlanna ar an láthair a ordú

 

Stóráiltear an chuid is mó dár dtaifid ar an láthair agus is féidir iad a ordú ar an lá a dtabharfaidh tú cuairt ar an Seomra Léitheoireachta.

  1. Sainaithin an cód tagartha ag baint úsáid as ceann de na háiseanna aimsithe
  2. Líon isteach an duillín ordaithe agus tabhair do bhall foirne sa Seomra Léitheoireachta é
  3. Déanfaidh an ball foirne socrú lena fháil ón áit stórála
  4. Taispeáin an ticéad léitheora chun an t-ábhar a scanadh amach – déanfar é a thaifeadadh sa chóras bainistíochta doiciméad

 

Déan iarratas ar thicéad léitheora chun cuairt a thabhairt ar an Seomra Léitheoireachta.

Réamhordú ar chartlanna a choinnítear lasmuigh den láthair

 

Coinnítear cuid dár mbailiúcháin lasmuigh den láthair. Más mian leat féachaint ar na hábhair chartlainne sin sa Seomra Léitheoireachta is féidir iad a ordú roimh ré.

 

Ina measc tá:

 

  • Luath-thaifid chúirte suas go dtí lár na 1970idí agus iad sin san áireamh
  • Taifid thiomnacha (uachtanna) roimh 1975
  • Taifid ghnó
  • Sraith 1 agus 2 de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí (Brainse na Rúnaíochta agus na gCuntas)
  • Comhaid luatha ón Roinn Gnóthaí Eachtracha (sraith DFA/1, DFA/2/ DFA/3 agus DFA/5)
  • Gach taifead roinne a tháinig isteach in 2015, 2016, 2017 agus 2018 (1985–1988)

 

Tá an liosta seo in ann athrú.

Conas ábhar cartlainne a ordú roimh ré

 

Chun ordú a dhéanamh roimh ré, ní mór na nithe seo a bheith agat:

  • Uimhir thicéid léitheora bailí
  • Deimhniú go bhfuil an t-ábhar cartlainne atá á ordú agat lasmuigh den láthair
  • An cód tagartha ceart

 

Is féidir sé mhír ar a mhéad a ordú ó áit stórála lasmuigh den láthair ag aon am amháin.

 

Order archives in advance

MM slash DD slash YYYY
Reference code for archives (max. 6)*
e.g. 2015/77/86
This field is for validation purposes and should be left unchanged.

Conas a úsáidimid do chuid sonraí

Tá an Chartlann Náisiúnta tiomanta do do chuid sonraí pearsanta a chosaint. Ní choinneoimid do chuid faisnéise ach chomh fada agus is gá don chuspóir atá beartaithe di. Nuair nach mbeidh gá leis a thuilleadh, scriosfar go daingean é de réir bheartas an Roinn Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt.